Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1967 - 1968::12 March, 1970::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 12 Márta, 1970.

Thursday, 12th March, 1970.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Peadar de Barra, Brioscú, Eamonn Ó Coileáin, Mac Gearailt, Céitinn, agus Ó Tonnaigh.


3. Bás Comhalta.


D’fhógair an Cathaoirleach go bhfuair an Teachta Pádraig Ó Luineacháin bás. Aontaíodh d’aon-ghuth le rún comhbhróin le gaolta an Teachta mhairbh.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Brioscú):


“That Deputy Peter Barry be the Chairman of the Committee until the return of the Chairman.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Peadar de Barra i gCeannas dá réir sin.


5. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1968-69.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1968-69.


Chuaigh an Teachta Ó hÓgáin i gCeannas arís.


Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Sláinte agus An Príomh-Ospidéal Meabhair-Ghalar.


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. S. Ó Muireadhaigh (Rúnaí, An Roinn Sláinte), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


7. Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.30 p.m. agus do chruinnigh arís ar 3 p.m.


8. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1968-69.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1968-69. Críochnaíodh an Cuntas seo a leanas:—


Iompar agus Cumhacht.


9. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh D. Ó Riordáin (Rúnaí, An Roinn Iompair agus Cumhachta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


10. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.