|
IMEACHTAI AN CHOISTEProceedings of the CommitteeDéardaoin, 19 Márta, 1970.Thursday, 19th March, 1970.1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (i gCeannas), na Teachtaí Brioscú, Mac Gearailt, Aodh Mac Giobúin, Céitinn agus Ó Treasaigh. 3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1968-69. Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1968-69. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim agus Poist agus Telegrafa. 4. Finnéithe a Ceistíodh. Ceistíodh S. Réamonn (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim), S. Ó Scanail (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), S. Ó Faoláin agus M. Ó Raghallaigh (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. 5. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 9 Aibreán, 1970. |
||||||||||||