Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1967 - 1968::23 July, 1969::Report

TUARASCÁIL

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 29 EANÁIR, 1969

1. Thug an Coiste dá aire an Ciorclán a d’eisigh an tAire chuig gach Oifigeach Cuntasaíochta maidir le teacht a bheith ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar dhoiciméid, rud ab ábhar do thuarascáil eatramhach an Choiste faoi dháta 13 Nollaig 1967.


2. Beidh an Coiste ag feitheamh le tuilleadh tuairimí ón Aire Airgeadais ar mhír 25 dá thuarascáil dar dáta 10 Márta, 1966; ar mhír 12 dá thuarascáil dar dáta 17 Samhain, 1966; ar mhír 3 dá thuarascáil dar dáta 14 Iúil, 1967; agus ar mhíreanna 7, 17, 19 agus 20 dá thuarascáil dar dáta 27 Meitheamh, 1968.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 17 SAMHAIN, 1966.

3. Cuntais iniúchta comhlachtaí a fhaigheann cúnamh as airgead vótáilte.


Rinneadh tagairt i gcéaduair don cheist seo i dtuarascáil an Choiste dar dáta 12 Samhain, 1964, agus pléadh tuilleadh í i mír 3 dá thuarascáil dar dáta 17 Samhain 1966. Ag ardú na ceiste seo dó ba é príomhchúram an Choiste srian a bheith air cuntais leithreasa airgid vótáilte a chur faoi scrúdú toisc mórshuimeanna a bheith tugtha as na vótaí do chomhlachtaí nach bhfuil a gcuntais os comhair an Choiste lena n-iniúchadh.


Toisc gurb í is ceist spairne ar chóir lamháil d’Airí i gcás mórchuid dá bhfeidhmeanna an riail freagrachta do Dháil Éireann a sheachaint aithníonn an Coiste agus tuigeann sé gur fairsing casta iad na fadhbanna a bhaineann le hé do bhreithniú cuntais comhlachtaí Stát-urraithe agus gur dócha go dtógfaidh sé am iad a fhuascailt. Mar sin féin, mar chéim chun feabhas a chur ar an eolas atá ar fáil le haghaidh na gcuntas leithreasa a scrúdú, mhol an Coiste ina thuarascáil dar dáta 12 Samhain, 1964, gur cheart Buan-Orduithe Dháil Éireann a leasú chun a shocrú nuair is iomchuí sin go ndéanfaí cuntais iniúchta comhlachtaí a fhaigheann cúnamh as airgead vótáilte a chur faoi bhráid an Choiste.


4. Maidir leis an mbaol atá ann go bhféadfadh feidhmeanna a bheith á ndúbailt agus iarrachtaí a bheith ag rith isteach ar a chéile le linn cúnamh teicniúil a bheith á sholáthar, tugann an Coiste dá aire go ndearnadh athmhíniú ar dhualgas comhchoitian an Choiste Táirgiúlachta Náisiúnta d’fhonn a chinntiú go ndéanfaí a chuid gníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí chomhlachtaí eile atá ag fáil cúnamh Stáit agus atá ag saothrú ar tháirgiúlacht a chomheagrú.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 14 IÚIL, 1967

5. Bhí na táillí ar sheirbhísí gairmiúla maidir le tionscadail thógála ina n-ábhar caibidil i roinnt tuarascálacha ón gCoiste le blianta beaga anuas. Tugann sé dá aire gur tagraíodh don cheist seo i gcomhthéacs níba leithne i dtuarascáil de chuid na Comhairle Náisiúnta Eacnamaíochta Tionscail agus go bhfuil an cheist á breithniú maidir leis an Tríú Clár um Fhorbairt Eacnamaíoch. Ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil ar thoradh an scéil.


6. Tugann an Coiste dá aire na tuairimí breise a luaigh an tAire maidir leis an bpraghas a íocadh ar láithreán do stáisiún taighde iascaigh. Cé nach bhfuil a mhalairt le déanamh aige ach glacadh leis an gcúrsa mar atá sé, ba mhaith leis an gcoiste go gcoimeádfaí feasach iad ar an gcuma a bhfuil úsáid á bhaint as an láithreán agus an mbeidh aon chuid de ar fáil le diúscairt.


7. Dealraíonn go ndearnadh beart sásúil, gan chostas don Stát, chun na lochtaí a leigheas ar an linn snámha ag ionad traenála an Gharda Síochána sa Teampall Mór. Tá súil go mbeidh tairbhe don am le teacht le baint as na tuarascálacha éagsúla a rinne an Coiste maidir leis an tionscadal seo.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 27 MEITHEAMH, 1968

8. Tugann an Coiste dá aire gur £550 an caiteachas breise a tabhaíodh mar gheall ar cheannach an fhearais a chur siar. Is léir go mba shábháil é ar airgead poiblí bealach níba sholúbtha a ghlacadh i ndáil le sriantachtaí ar chaiteachas caipitiúil. Níor mhiste smaoineamh air seo san am le teacht.


9. Tugann an Coiste dá aire gur cinneadh gurb iad Oifig na nOibreeacha Poiblí a chuirfidh i gcrích cothabháil na n-oibreacha siltin ar abhainn na Righe mar ghníomhairí don Roinn Talmhaíochta. Ba mhaith leis go gcuirfí in iúl dó cé mhéid a chosain sé slánú a dhéanamh de dheasca faillí a thabhairt i gcothabháil.


10. Is áthas leis an gCoiste tabhairt dá aire go n-aontaíonn an tAire leis, mar phrionsabal ginearálta, gur chóir leor-phleanáil a dhéanamh sula ndéanfar conarthaí tógála d’fhonn méaduithe ar chostais a choinneáil chomh híseal agus is féidir, agus go bhfuil sé tar éis a iarraidh ar na Ranna uile é sin a mheabhrú. Sa chás áirithe atá i gceist, is dóigh leis an gCoiste go ndearnadh coigeartú thar meán ar fhorálacha an chonartha bhunaidh agus gur chóir a bheith níos cúramaí feasta.


11. De réir tuarascála an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste tharla 1,000 cás nach ndearna fostóirí tuairisceáin mhíosúla ar Cháin Ioncaim faoin scéim Íoc-Mar-Thuillir a chur isteach. Ábhar corrabhuaise é sin. Ba mhaith leis an gCoiste eolas níos beaichte a fháil i dtaobh na mbeart a rinneadh ina leith agus an toradh a bhí orthu.


CUID II—CUNTAIS AR LEITHLIGH

OIBREACHA AGUS FOIRGNIMH PHOIBLÍ

12. Tháinig meath ar obair chloiche agus ar chruinneachán na gCeithre Chúirt i mBaile Átha Cliath agus theastaigh mórdheisiúchán a measadh i 1960 a chosnódh tuairim £45,000. I mí Meitheamh 1961 ceapadh suirbhéir cainníochta chun Bille Cainníochtaí a ullmhú a gheall sé a chur ar fáil faoi cheann naoi seachtaine. Níor seachadadh an Bille go dtí Meitheamh 1965. Ar an scéal a iniúchadh fuair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste amach go ndearnadh an obair ba phráinní sa tréimhse 1958 go 1961; gurbh í bunchúis na moille a bhain leis an bpríomh-shaothar bhuanúcháin a chur i gcrích an t-am a ghlac an suirbhéir cainníochta a dúirt go raibh easláinte air agus dualgais eile; agus go gcuirfí an obair ar láimh go déanach i 1968.


Fuair an Coiste amach de bharr fianaise gur mheastachán tuairimiúil an meastachán bunaidh agus gur ullmhaíodh meastachán níba réadúla ar an mBille Cainníochtaí a fháil. Ba é an dóigh go gcosnódh an obair tuairim £57,000.


Is é a chuireann corrabhuais ar an gCoiste gur bhain moill cheithre bliana leis an mBille Cainníochtaí a fháil. Is cóir a rá, ar a laghad, nach raibh aon cheart é bheith chomh mall leis sin. Toisc nach raibh ansin ach cás aonair, áfach, agus gur dearbhaíodh don Choiste go ndearnadh cúrsaí eagair in Oifig na nOibreacha Poiblí a fheabhsú agus a rialú chun nach dtarlódh a leithéid arís, ní theastaíonn uaidh tuilleadh a rá.


13. Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuairisc ar chás inar dhealraigh sé go ndearnadh fruiliú ró-fhada ar thrucail le haghaidh seirbhísí iompair ag Mór-Stáisiún Iascaigh an Dúin Mhóir Thoir. Íocadh suimeanna dar iomlán £1,100 ar é a fhruiliú ó Mheán Fómhair, 1967 go Feabhra, 1968. B’amhras leis ar thíobhasaí mar ghnó é sin ná cóir iompair a cheannach amach is amach. Thug sé faoi deara freisin go raibh trucail eile le hOifig na nOibreacha Poiblí díomhaoin, de réir na dtaifead, ag oibreacha Chladhfort na Sionainne ó Nollaig 1966 go dtí Eanáir, 1968 agus d’fhiafraigh sé cad ina thaobh nach bhféadfaí é sin a aistriú go dtí an Dún Mór agus táillí fruilithe a sheachaint.


Rinne innealltóirí áitiúla Oifig na nOibreacha Poiblí tarmligean ar a n-údarás chun gléasra a fhruiliú laistigh de theorainneacha caiteachais ísle áirithe, ach níl aon bhac orduithe a athnuachan. D’fhéadfadh deacrachtaí tarlú dá leanadh oifigeach áitiúil d’orduithe a thabhairt maidir le fruiliú gan fiafraí an bhféadfaí an gléasra ba ghá a fháil ó earraí an Bhoird ar obair eile. D’fhonn feabhas a chur ar chomheagraíocht tá sé socair gur tríd an mBainisteoir Riaracháin sa Phríomh-Cheardlann Innealtóireachta i mBaile Átha Cliath, agus tríd amháin, a dhéanfar gléasra a fhruiliú. Táthar ag súil leis go leigheasfaidh sé sin an locht a bhí ar an sean-nós imeachta.


Tar éis á bheith curtha faoi scrúdú ag an gCoiste, chuir an tOifigeach Cuntasaíochta nóta i láthair. Deirtear sa nóta gur cuireadh in iúl dó, d’fhonn lamháil a dhéanamh i leith briseadh agus deisiúcháin, nár coimeádadh d’fheithiclí ag Cladhfort na Sionainne ach an méid ba lú a bhí ag teastáil ag féachaint do chúrsaí críonnachta, agus go ndearnadh an trucail a bhí i dtrácht a úsáid ar feadh gearr-thréimhsí nár taifeadadh sa dialann oibre.


Creideann an Coiste go raibh roinnt éigin easnaimh ar chomheagraíocht maidir le húsáid gléasra, ach tá súil aige go ndéanfaidh na bearta a rinne na Coimisinéirí breis tíobhais a áirithiú agus go gcuirfidh siad deireadh le táillí fruilithe ró-mhóra.


TIONSCAL AGUS TRÁCHTÁIL

14. Faigheann an Foras Tionscal deontas-i-gcabhair ón vóta d’fhonn deontais a thabhairt do thionscail faoi théarmaí na nAchtanna um Dheontais Tionscail. Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar chuntais an Fhorais agus tíolaictear do Dháil Éireann iad. I gcúrsa an iniúchta tugadh faoi deara cás ina bhfuair cuideachta deontas £165,000, ar eisíodh an tráthchuid deiridh de i 1963. Ach theip ar an gcuideachta orduithe a fháil dá cuid táirgí, ní raibh a táirgiúlacht sásúil riamh agus i 1964 díoladh a cuid sócmhainní. Ina dhiaidh sin foirceannadh an chuideachta.


Trí chomhaontú a rinneadh i Meán Fómhair, 1961, bhí sé gafa ar láimh ag an gcuideachta gan aon chuid de na sócmhainní a bhfuair sí deontas ina leith a dhíol gan toiliú roimh ré ón bhForas Tionscal ach níor loirgíodh an toiliú sin. Dealraíonn sé go ndearna an Chuideachta Cairde Tionscail £110,000 a infheistiú i scaireanna tosaíochta sa chuideachta atá i gceist agus nár éirigh léi ach £18,000 a ghnóthú ón leachtaitheoir. Fágann sin gur cailleadh san iomlán suim ag bordáil ar £¼ milliún punt d’airgead an Stáit. Tá amhras ar an gCoiste ar díoladh sócmhainní na cuideachta go héifeachtúil agus ar an bpraghas is fearr a fhéadfaí a fháil.


Níl amhras ar an gCoiste ach go mbíonn baol éigin ag gabháil i gcónaí le deontais a thabhairt le haghaidh tionscail nua a bhunú. Bail sonais nár tharla teip ach i bhfíorbheagán cás. Tá foirm Chomhaontaithe feabhsaithe déanta amach idir an Foras agus iad sin a gheobhaidh deontais ina bhfuil clásail a mheastar a bheith infheidhmithe go dlíthiúil maidir leis an bhForas do thoiliú le sócmhainní, ar tugadh deontais ina leith, a dhiúscairt; agus maidir le deontais nó cuid de dheontais a ghnóthú in imthosca áirithe. Measann an Coiste na socruithe athchóirithe sin a bheith sásúil ach ba mhaith leis barúla grinnmheasta an Aire Airgeadais a fháil.


IOMPAR AGUS CUMHACHT

15. Eisíonn an Roinn na Deontais i gCabhair do Bhord Fáilte Éireann ina dtráthchodanna míosúla. Ba é tuairim an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur mhó na méideanna a iarradh ná a raibh gá láithreach leo agus luaigh sé go raibh iarmhéideanna díomhaoine cothrom le £200,000 á sealbhú, ar an meán, in aghaidh gach lae sa bhliain. Chuir sé in iúl go láidir a thábhachtaí a bhí sé bheith tíobhasach ag úsáid iarmhéideanna airgid agus phléigh sé an scéal leis an Oifigeach Cuntasaíochta. Mhínigh seisean na deacrachtaí a bhain do Bhord Fáilte agus iad ag déanamh iarratas ar airgead tirm agus luaigh sé nár mhór dá gcuntas bainc a bheith ar leith an chreidiúnais i gcónaí. Dúirt sé freisin gur aontaigh sé go huile leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur chóir na hiarmhéideanna a laghdú go dtí an pointe is ísle is féidir agus go raibh súil aige de thairbhe a chomhoibrithe go bhfaighfí réiteach indéanta ar an gceist. Chuir an Coiste in iúl go láidir ar ócáidí cheana a thábhachtaí a bhí sé bheith tíobhasach ag baint úsáid as iarmhéideanna státchiste agus ba mhaith leis eolas a fháil ar chúrsaí mar tharlóidh siad.


OIFIG NA gCOIMISINÉIRÍ IONCAIM DLEACHTANNA EASTÁIT, ETC.

16. Fuair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste amach le linn seiceáil tástála nach ndearnadh comhlíonadh i dtrí chás ar rialacháin roinne, a bhí ceaptha le deimhin a dhéanamh gur cuireadh faoi bhreithniú rialta na cásanna uile dleachta eastáit atá ag feitheamh le haghaidh measúnachta nó bailiúcháin. I gcásanna eile dhealraigh sé gur tharla an iomarca moille ag déileáil le seiceadóirí nó riarthóirí eastát. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh ganntanas foirne ina chúis leis an moill a bhain le comhlíonadh na rialachán ach bhí sé sin leigheasta ó shin agus bhíothas tar éis foireann le breis taithí a sholáthar chun déileáil leis an bpobal i gcoitinne. Bhí feabhsuithe ar nósanna imeachta maidir le rialú airgeadais á dtabhairt isteach agus bhí súil leis go gcuirfí ar neamhní na laigí a bhí luaite ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Ba mhaith leis an gCoiste go gcoinneofaí eolach é ar an scéal seo.


CÁIN MHÓRDHÍOLA

17. Tugadh isteach an cháin seo i nDeireadh Fómhair, 1966 agus nuair a bhí breithniú á dhéanamh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an gcóras rialaithe thug sé faoi deara roinnt gearr-íocaíochtaí a ndealraigh sé nach ndearnadh beart fúthu. Fuair sé amach gurb é a tharla go raibh an t-eolas i dtuairisceáin cháin mhórdhíola á chur isteach sa chóras ríomhaireachta ó Eanáir, 1968, ach mar sin féin nach ndearnadh clár chun earráidí áirimh a aithint go laethúil a chur i ngníomh go dtí Aibreán, 1968. De bharr an strus oibre a bhain leis na hoibríochtaí éagsúla maidir le cánacha mórdhíola agus láimhdeachais a aistriú chun an chórais nua ríomhaireachta níorbh fhéidir ag an am sin beart cléireachais a chur i gcrích chun na hearraidí sin a aimsiú. Ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil ar an gcuma ina bhfuil an scéal faoi láthair.


18. Chun cruinneas na dtuairisceán cánacha mórdhíola a chrossheiceáil rinneadh comparáid theoranta le tuairisceáin chun críocha Cánach Ioncaim i sé cheantar tuaithe. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur tharla dá thoradh sin gur nochtadh gearr-íocaíochtaí in 11 chás dar mhéid £10,400. Cé go bhfuil deacrachtaí ag gabháil leis an gcomparáid, cabhraíonn sé le mór-mhíréireachtaí a aithint. Molann an Coiste gur chóir cros-sheiceáil níba leithne a dhéanamh agus an toradh a chur in iúl dó.


TAILTE

Foscríbhinn 2.


19. I ndáil le tuairimí an Aire Airgeadais ar mhír 13 de thuarascáil an Choiste ar chuntais 1966-67, tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste anuas arís an cheist ó thaobh tíobhais a bhaineann le blianachtaí beaga Choimisiún na Talún a bhailiú in ionad a spreagadh go bhfuasclófaí iad. Toradh díomách a bhí ar thriailscéim bheag a stiúraigh Coimisiún na Talún i gCo. Dhún na nGall; ach shíl an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach raibh an tionscadal sin fairsing go leor chun bheith ina bhonn le breithiúnas bailí. Luaigh sé go raibh thar 500,000 blianachtóirí ag íoc tráthchodanna leath-bhliantúla agus go raibh geall le 95,000 i gContaetha Mhaigh Eo agus Dhún na nGall amháin ag íoc aon scilling déag, ar an meán, gach leathbhliain. Ba é a thuairim, dá gcuirfí san áireamh na costais a bhain le postas, stáiseanóireacht agus foireann chléireachais, gurbh fhiú go maith an méid a shábhálfaí dá n-íocfaí amach mórchuid de na blianachtaí sin. Ar an ábhar gur aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta tuilleadh fiosruithe a chur ar bun i gcomhairle leis an Ard-Reachtaire Cunta sagus Ciste, fanfaidh an Coiste lena mbreithniú.


SLÁINTE

20. Tugann an Coiste dá aire ó ráitis mhínithe a thug an Roinn agus a cuireadh ag gabháil le tuarascálacha an Choiste go bhfuil glanchaiteachas ar na seirbhísí sláinte tar éis méadú ó £22 milliún i 1963/64 go dtí £37 milliún i 1967/68 agus gur mhéadaigh costas drugaí agus cógaisí leighis ó £1.3 milliún go dtí £2.88 milliún i gcaitheamh na tréimhse céanna. I gcás cógaisí leighis a cuireadh ar fáil faoi na seirbhísí liachta ginearálta ar leithligh ó na seirbhísí ospidéil mhéadaigh an caiteachas ó £.6 milliún i 1964 go dtí £1.668 milliún i 1967/68. Ar na cúiseanna gur tharla na méaduithe rí-mhóra seo ar chaiteachas ar dhrugaí agus cógaisí leighis d’áireodh an Coiste praghsanna méadaithe, méadú a theacht ar úsáid na seirbhísí sláinte poiblí agus, bhféidir, breis thar mar ba ghá d’oidis. Níl aon eolas ar fáil ar cá mhéid a bhain gach cúis ar leith acu sin leis an méadú caiteachais agus b’áil leis an gCoiste fiafraí an bhféadfadh an Roinn tuilleadh léargais a thabhairt ar an ábhar seo.


21. Ba mhór an léiriú don Choiste an ráiteas a thug an Roinn dó á thaispeáint cé mhéid faoin gcéad de dhaonra gach contae lenar bhain cárta liachta ag an 31 Nollaig, 1968. Cé gur 31 faoin gcéad an meán don tír go léir tá athruithe an-mhóra ó 8.8 faoi gcéad i gContae Bhaile Átha Cliath go dtí 50.1 faoin gcéad i gContae Roscomáin. Sa tuarascáil a rinne sé cheana luaigh an Coiste go raibh seirbhísí sláinte á soláthar saor in aisce do dhaoine seachas iad sin a raibh cártaí liachta acu. Tugann sé faoi deara tuairim an Aire gur cheart go gcuirfeadh na hathruithe a bheartaítear sa Pháipéar Bán ar na seirbhísí sláinte deireadh ar fad beagnach leis na mí-úsáidí a bhí, tharlódh sé, in aigne an Choiste. Má dhéanann an reachtaíocht nua rialú níos grinne ar chúrsaí airgeadais de bharr taifeach costas/sochar agus staidéar bainistíochta, b’fhusa leis an gCoiste glacadh leis go raibh ceartluach airgid á sholáthar ag na seirbhísí agus go raibh leor-sheirbhís sláinte á tabhairt do na daoine a bhí ann ina ghá as ar cuireadh i ngeall chuige sin den airgead náisiúnta.


TALMHAÍOCHT

22. Ón eolas a fuair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i dtaobh na hoibre atá á dhéanamh i Saotharlann Taighde Tréidliachta na Roinne dhealródh sé go raibh cosúlacht idir an obair sin agus cuid de na tionscadail thaighde a ghlac an Foras Talúntais ar láimh. D’fhiafraigh sé an raibh aon chuid den obair á déanamh go dúbailte nó an raibh feidhmeanna ag forluí ar a chéile agus dearbhaíodh dó go seachnaítear forluí a mhéid is féidir agus go dtéitear i gcomhairle chun na críche sin. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta nach ndéantar aon dúbailt ar obair go ginearálta, ach go dtarlódh sé go mbeadh baint ag taighde an Fhorais Talúntais ar ghnéithe áirithe táirgíochta ainmhithe le taighde tréidliachta i gcríocha áirithe a mbeadh plé leo ag lucht tréidliachta agus lucht neamh-thréidliachta araon. Cé gur ar an Roinn atá an phríomh-fhreagracht bhunaidh i leith taighde tréidliachta, is é Stiúrthóir an Fhorais Talúntais a dhéanann obair an Fhorais a chinneadh faoi réir stiúrú ghinearálta na Comhairle. Fad agus is eol don Roinn ní raibh aonad taighde tréidliachta curtha ar bun ag an gComhairle. Tá súil ag an gCoiste leis go mbeidh dlúth-chomhoibriú idir na comhlachtaí éagsúla, agus na hollscoileanna a áireamh, d’fhonn deimhin a dhéanamh de nach mbeidh aon dúbailt ná forluí oibre inseachanta ar siúl i réimse na taighde tréidliachta.


23. I mír 14 den tuarascáil seo rinne an Coiste tagairt do chás inar chuir An Foras Tionscal deontais ar fáil chun tionscal nua a bhunú ar theip air ina dhiaidh sin agus nach raibh aon chomhaontú ann a fhéadfaí a chur i bhfeidhm d’fhonn cuid de na deontais a eisíodh nó iad go léir a ghnóthú. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar chás roinnt cosúil leis agus caiteachas na Roinne Talmhaíochta á iniúchadh aige. Tugadh £22,398 san iomlán de dheontais le haghaidh nua-chóiriú a dhéanamh ar mhonarcha bagúin sna blianta 1960 go 1968 agus scoir an mhonarcha d’earraí a tháirgeadh agus dúnadh í in Eanáir 1968. Cuireadh in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nár mheas an Roinn gurbh iomchuí go n-áireofaí i scéim na ndeontas le haghaidh monarchana bagúin a nua-chóiriú foráil le haghaidh aisíoc nó páirt-aisíoc deontas i gcúinsí inar dhealraigh sé go raibh gá lena leithéid. Chríochnaigh an scéim sin i Márta, 1969. Ag féachaint dar tharla sa chás atá faoi bhreithniú, d’aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste go mba chríonna an rud foráil a bheith sa scéim le haghaidh deontais a aisíoc ar fhoras cothromúil i gcás inar chóir a leithéid a dhéanamh.


GINEARÁLTA

24. Toisc gur fhan folúntais san fhoirinn gan líonadh i rith na bliana taispeánann na cuntais leithreasa gur sábháladh go leor ar na forálacha le haghaidh pá, etc. Thug roinnt Oifigeach Cuntasaíochta a gcuid mínithe don Choiste i dtaobh an ghanntanais foirne ina gcuid Ranna.


25. Bhí ganntanas foirne de shíor ar an bPríomh-Oifig Staidrimh i ngráid na nOifigeach Cléireachais agus na gCléireach Clóscríbhneoireachta agus, mór an trua, ganntanas staitisteoirí freisin. Tharla ar an meán 20 folúntas sa bhliain sna gráid chléireachais. Sna gráid sin bhí cuid mhaith athruithe foirne ar siúl mar go rí-mhinic ní fhanadh na hoifigigh ionaid i bhfad sa státseirbhís agus bhaineadh moill mhór le foireann nua a fháil. Rud coitianta é sin i ngach Roinn. Cúis amháin a thug an tOifigeach Cuntasaíochta leis go raibh i bhfad níos mó postanna éagsúla le fáil ag daoine óga faoi láthair ná mar bhí go dtí seo agus go bhfuil cúrsaí an tsaoil ag athrú. Chuir an Coiste i láthair go mb’fhéidir go raibh na caighdeáin oideachais ró-ard do na gráid chléireachais agus go bhféadfaí iad a ísliú ach ba é tuairim na Roinne Airgeadais go raibh meath chomh mór sin tagtha ar an gcaighdeán clóscríbhneoireachta agus litrithe nár mhaith leo smaoineamh ar dhul níos ísle sa scála oideachais. San am céanna dhealraigh sé gur éirigh sna scrúduithe le roinnt iarrthóirí a raibh caighdeán oideachais orthu os cionn an chaighdeáin íosta agus d’fhéadfadh sin a bheith ina chúis le hiad a bheith ag fágáil na seirbhíse ag lorg poist ní b’fhearr agus níba spéisiúla.


26. Sa Roinn Saothair bhí 100 folúntas le haghaidh oifigeach cléireachais agus oibríodh a lán breis-ama a chosain £29,000. Chreid an tOifigeach Cuntasaíochta nach raibh an státseirbhís chomh tarraingteach agus bhí dóibh sin a bhí ag fágáil na scoile.


Foscríbhinn 15.


27. Tháinig sé deacair ar an Roinn Cosanta folúntais chléireachais a líonadh, 10 gcinn d’Oifigigh Cléireachais agus 28 do Chléirigh Clóscríbhneoireachta. Mheas an Roinn Leasa Shóisialaigh gur chuid éigin den chúis nach bhféadfaí foireann a fháil nuair a bhí gá leo an mhoill a bhain le nósanna imeachta soláthair foirne.


28. Ba é tuairim an Choiste gurbh í Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim an Roinn ba mheasa as ó thaobh ganntanas foirne. Sa bhliain 1967-68 tharla idir 132 agus 199 folúntas agus tharla ar an meán 151 folúntas in aghaidh an lae. Áirítear orthu sin 11 folúntas le haghaidh Cigirí Cánach. Is minic a mhealltar cigirí traenáilte chun an tseirbhís a fhágáil agus dul le fostaíocht lasmuigh. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta, ina chuid fianaise os comhair an Choiste, gur ganntanas foirne ba chúis le briseadh agus moill do bhaint le nósanna imeachta chun an t-ioncam a chaomhaint.


29. Is léir gur gá rud éigin a dhéanamh chun deilbh na státseirbhíse a fheabhsú. Tá feabhas curtha ag Coimisiún na Státseirbhíse ar a gcuid modhanna poiblíochta ach d’fhéadfaí a thuilleadh a dhéanamh sa treo sin. Bearta arb áil leis an gCoiste tagairt dóibh ná athruithe a dhéanamh i gcoinníollacha fostaíochta agus an réimse earcaíochta a leathnú. Ó thaobh cáinaisnéise agus rialú airgeadais, is míshásúil an cor é go mbeifí á iarraidh ar Dháil Éireann gach uile bhliain airgead a sholáthar faoi chomhair foirne nach dóigh a bheidh ann agus cúrsaí mar atá said.


PÁDRAIG Ó hÓGÁIN,


Cathaoirleach.


23 Iúil, 1969.