Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1967 - 1968::28 November, 1968::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 28 Samhain, 1968.

Thursday, 28th November, 1968.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltai i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Mac Aindriú, Brioscú, Ó hÉaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Arann Theas) agus Ó Maoldhia.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó hÉaluighthe):


“That Deputy Patrick Hogan be the Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó hÓgáin i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1967-68.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1967-68.


Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Státseirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhis Sicréideach, Deontais Talmhaíochta, Dli-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha, Méadú ar Phinsin agus Luach Saothair.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. K. Whitaker (Rúnaí, An Roinn Airgeadais) agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.