Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1967 - 1968::23 July, 1969::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

19 Samhain 1968:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 127 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh.


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31 Marta, 1968, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt [Rúnaí Parliaminte an Taoisigh].


21 Samhain 1968:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Dáibhéid Mac Aindriú, Beircheart Brioscú, Pádraig de Búrca, Pádraig Ó Broin, Proinsias Mac Bhloscaidh, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Aguistín Ó hEaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Arann Theas), Éinrí Ó Cionaodha, Roibeard Ó Maolmhuaidh, Pádraig MacRaghnaill agus Seán Ó Treasaigh.


11 Nollaig 1968:—Ceapadh an Teachta Eoghan MacGiolla Amhlaigh in ionad an Teachta Pádraig Ó Broin a urscaoileadh.


16 Iúil 1969:—Ordíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 127 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh.


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste don bhliain dar chríoch 31 Márta 1968 agus Miontuariscí na Fianaise a tógadh i láthair an Choiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh an 19ú Samhain 1968 a chur faoi bhráid an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu. [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


17 Iúil, 1969:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Dáibhréid Mac Aindriú, Peadar de Barra, Beircheart Brioscú, Éamonn Ó Coileáin, Gearóid Mac Gearailt, Aodh Mac Giobúin, Pádraig Ó hÓgáin, Saerbhreathach Céitinn, Pádraig Ó Luineacháin, Tomás Ó Nualláin, Seán Ó Treasaigh agus Séamus Ó Tonnaigh.