Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instrument [1]::16 April, 1969::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 16 Aibreán, 1969.

Wednesday, 16th April, 1969.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Mac Domhnaill, Ó Maoil Eoin, Mac Síthigh-Sceimhealtún agus Yeats.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhrán a chuir an Roinn Airgeadais isteach de réir Ordú an 18 Nollaig, 1968, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú um Tháillí Ceann Comhairimh i leith Corrthoghchán (Dáilcheantair Bhuirge agus Dáilcheantair Chontae) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 104 de 1968].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an tríocha ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Chill Dara), 1969 [I.R. Uimh. 27 de 1969].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Mhaigh Eo), 1969 [I.R. Uimh. 36 de 1969].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae-Bhuirg Luimnigh agus Contae Luimnigh) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 28 de 1969].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae-Bhuirg Chorcaí agus Contae Chorcaí), 1968 [I.R. Uimh. 282 de 1968].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Feithiclí Seirbhíse Poiblí) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 273 de 1968].


Na Rialacháin um an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 (Forbairt Dhíolmhaithe) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 260 de 1968].


An tOrdú Loingis Cheannaíochta (Coinbhinsiún Sábháilteachta) (Tíortha a Ghlactha), 1969 [I.R. Uimh. 13 de 1969].


An tOrdú fán Acht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961 (Tobhach ar Bhainne), 1969 [I.R. Uimh. 23 de 1969].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath), 1969 [I.R. Uimh. 33 de 1969].


Na Rialacháin um Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Tobhach) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 2 de 1969].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú (An Róidéis Theas), 1969 [I.R. Uimh. 35 de 1969].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú, 1969 [I.R. Uimh. 32 de 1969].


Na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Costais Taistil agus Liúntas agus Costais Chothabhála d’Oifigigh) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 18 de 1969].


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:——Pá agus Liúntas (Na Buan-Óglaigh). R.Ó.É. S.3—Leasuithe. Leasú Uimh. 273.


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Limistéar atá le Glanadh) (Forálacha Ginearálta) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 20 de 1969].


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Limistéar Saor ó Ghalar) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 21 de 1969].


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Gluaiseacht a Rialú), 1969 [I.R. Uimh. 22 de 1969].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas) (Leasú) (Uimh. 2), 1968 [I.R. Uimh. 281 de 1968].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Míchumais, Dífhostaíochta agus Pósta) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 270 de 1968].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Fo-fhostaíochtaí) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 17 de 1969].


Ordú na mBannaí Talún, 1969 [I.R. Uimh. 10 de 1969].


An tOrdú Monaíochta (Glaoch Isteach), 1969 [I.R. Uimh. 12 de 1969].


An tOrdú um Pá an Gharda Síochána, (Uimh. 3) 1968 [I.R. Uimh. 286 de 1968].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú), 1969 [I.R. Uimh. 8 de 1969].


Na Rialacháin um Banc Taisce an Phoist (Ús ar Thaiscí), 1969 [I.R. Uimh. 16 de 1969].


Ordú Bhord na Móna (Ús a Tharscaoileadh agus Aisíoc Airleacan a Chur Siar), 1968 [I.R. Uimh. 283 de 1968].


An tOrdú um Fhruiliú, (Uimh. 2) 1968 [I.R. Uimh. 275 de 1968].


An tOrdú um Fhruilcheannach agus Díol Creidmheasa (Uimh. 2), 1968.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin Iomarcaíochta (An Binse Achomhairc Iomarcaíochta) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 26 de 1969].


Na Rialacháin um Bainc Thaisce Iontaobhais (Ús ar Thaiscí i gCuntas Speisialta), 1969 [I.R. Uimh. 15 de 1969].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4 p.m.