Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instrument [1]::05 March, 1969::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 5 Márta, 1969.

Wednesday, 5th March, 1969.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Ó Cruadhlaoich, Mac Domhnaill agus Mac Síthigh Sceimhealtún.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhrán a chuir Bord na gCon isteach de réir Ordú an 18 Nollaig, 1968, a bhreithniú:—


Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:—


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Tobhaigh a Chruinniú), 1968 [I.R. Uimh. 198 de 1968].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an daichead is cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú Aerloingseoireachta (Rialacha an Aeir) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 26 de 1968].


An tOrdú Aerloingseoireachta (Sainmhíniú ar Aerárthaí), 1968 (I.R. Uimh. 134 de 1968].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Modhnuithe ar Árachas) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 164 de 1968].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí) (Leasú) (Uimh. 2), 1968 [I.R. Uimh. 226 de 1968].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Banghaol Forordaithe), 1968 [I.R. Uimh. 227 de 1968].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Fostaíocht Inárachaithe (Díobhálacha Ceirde) (Leasú) 1968 [I.R. Uimh. 229 de 1968].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsean (Ranníocach) Seanaoise) (Leasú) 1968 [I.R. Uimh. 233 de 1968].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí (Ranníocach) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 235 de 1968].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal an Mhilseogra Siúcra agus an Mhilseogra Seacláide) (Eisiamh), 1968 [I.R. Uimh. 175 de 1968].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Trealamh Láimhsithe Meicniúil) (Eisiamh), 1968 [I.R. Uimh. 192 de 1968].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na nUllmhóidí Cógaisíochta) (Eisiamh), 1968 [I.R. Uimh. 197 de 1968].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Deilbh Innigh) (Eisiamh), 1968 [I.R. Uimh. 216 de 1968].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na Scáthán Cúlamhairc Gluaisteán) (Eisiamh), 1968 [I.R. Uimh. 221 de 1968].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Próiseála. Ceimiceach) (Eisiamh), 1968 [I.R. Uimh. 232 de 1968].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Uigí Fite) (Eisiamh), 1968 [I.R. Uimh. 258 de 1968].


An tOrdú Caomhanta Éan Géim (Loch an Chuasáin, Contae na hIarmhí), 1968 [I.R. Uimh. 222 de 1968].


An tOrdú um Thámhghalair Éanlaithe (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 230 de 1968].


An tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 (An Chéad Sceideal) (Leasú), 1968 [I.R. Uimh. 231 de 1968].


Na Rialacháin Iomarcaíochta (Ranníocaí a Bhailiú) (Cúlghairm), 1968 [I.R. Uimh. 271 de 1968].


Na Rialacháin um Ranníocaí Iomarcaíochta (An Modh Íoctha), 1968 [I.R. Uimh. 272 de 1968].


An tOrdú um na Post Office Savings Bank Regulations, 1921 (Leasú), 1969. (Dréacht).


Barántas Leasaithe an Phoist Intíre (Uimh. 14), 1968 [I.R. Uimh. 262 de 1968].


Barántas Leasaithe an Phoist Choigriche (Uimh. 9), 1968 [I.R. Uimh. 263 de 1968].


Barántas Leasaithe an Bheart-Phoist Choigríche (Uimh. 6), 1968 [I.R. Uimh. 264 de 1968].


Na Rialacháin Leasaithe Orduithe Poist (Intire) (Uimh. 9), 1968 [I.R. Uimh. 265 de 1968].


Na Rialacháin Leasaithe Orduithe Airgid (Uimh. 18), 1968 [I.R. Uimh. 266 de 1968].


Barántas Leasaithe na Nuachtán (Seirbhís Speisialta Iompair i bPost-Charranna na Post-Oifige) (Uimh. 2), 1968 [I.R. Uimh. 267 de 1968].


Na Rialacháin Teileafóin (Leasú), 1968 [I.R. Uimh 274 de 1968].


An Barántas Leasaithe Teileagraf (Teileagraim Scríofa Intíre) (Uimh. 10), 1968 [I.R. Uimh. 277 de 1968].


An tOrdú um Liúntais an Ghárda Síochána, 1968 [I.R. Uimh. 220 de 1968].


An tOrdú um Liúntais an Ghárda Síochána (Uimh. 2), 1968 [I.R. Uimh. 246 de 1968].


An tOrdú um Pá an Ghárda Síochána (Uimh. 2), 1968 [I.R. Uimh. 234 de 1968].


An tOrdú Loingis Cheannaíochta (Ualach-Línte) (Díolúine), 1968 [I.R. Uimh. 257 de 1968].


An tOrdú um an Aire Airgeadais (Gníomhaireacht), 1968.


An tOrdú um an Aire Airgeadais (Gníomhaireacht) (Uimhir 2), 1968.


Na Rialacháin um Rialú Iomlaoide, 1968 [I.R. Uimh. 253 de 1968].


An tOrdú um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1968 [I.R. Uimh. 219 de 1968].


An tOrdú um Muilleoireacht Chruithneachta (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1968.


An tOrdú um Praghsanna Uasta (Deochanna Meisciúla agus Deochanna Neamhalcólacha) (Cúlghairm), 1968 [I.R. Uimh. 239 de 1968].


Na Rialacháin um an Acht Aturnaethe, 1954 (Táillí), 1968 [I.R. Uimh. 240 de 1968].


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:— Pá agus Liúntais (na Buan-Óglaigh) R.Ó.É.S.3—Leasuithe. Leasú Uimh. 272.


An tOrdú fán Acht um Chaidreamh agus Díolúine Taidhleoireachta (Alt 18), 1968.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar na Ranna lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin um Margalanna Beostoic, 1968 [I.R. Uimh. 251 de 1968].


An tOrdú um Fhruiliú, 1968 [I.R. Uimh. 224 de 1968].


An tOrdú um Fhruilcheannach agus Díol Creidmheasa, 1968 [I.R. Uimh. 225 de 1968].


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.40 p.m.