Committee Reports::Report No. 01 - Statutory Instrument [1]::11 June, 1969::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 11 Meitheamh, 1969.

Wednesday, 11th June, 1969.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Ó Cruadhlaoich, Mac Síthigh-Sceimhealtún agus Yeats.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhrán a chuir an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh isteach de réir Ordú an 5 Márta, 1969, a bhreithniú:—


Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:—


Na Rialacháin um Margalanna Beostoic, 1968 [I.R. Uimh. 251 de 1968].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an triocha ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainn Ghinearálta), 1969 [I.R. Uimh. 45 de 1969].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Banghaol Forordaithe) (Eatramhach), 1969.


An tOrdú fán Ordú Pá Talmhaíochta (Rátaí Iosta), 1968 (Cúlghairm), 1969 [I.R. Uimh. 41 de 1969].


An tOrdú Pá Talmhaíochta (Rátaí Iosta), 1969 [I.R. Uimh. 42 de 1969].


Rialacháin na bPinsean (Méadú), 1969 [I.R. Uimh. 25 de 1969].


An tOrdú um Praghsanna a Chobhsú (Feidhmchoimeád), 1969 [I.R. Uimh. 46 de 1969].


Na Rialacháin um Obair Oíche (Bácúis) (Obair Neamhchoitianta ar Feadh Tréimhse Teoranta), 1969.


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Páipéar-Choimeádáin Uachtair) (Eisiamh), 1968.


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Easbhrú Plaisteach) (Eisiamh), 1969 [I.R. Uimh. 66 de 1969].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú) (Uimh. 2), 1969.


An tOrdú Taighde Tionscal agus Caighdeán (alt 44) (Bréagáin do Leanaí), 1969 [I.R. Uimh. 75 de 1969].


An tOrdú um an Acht Margaithe Olla, 1968 (an Lá Bunaithe), 1969 [I.R. Uimh. 77 de 1969].


Orduithe d’Fhorchur Dleachtanna:— Innealra Talmhaíochta, 1969 [I.R. Uimh. 11 de 1969].


Rialacháin na nArm Tine (Gunnaí Gráin) (Modhanna Promhaidh, Marcanna agus Táillí), 1969 [I.R. Uimh. 65 de 1969].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh, Trealamh agus Úsáid Feithiclí) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 94 de 1969].


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1969.


Ordú na nÚdarás Áitiúil (Na Rialacháin Comhcheannaigh) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 74 de 1969].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Faibricí Cniotáilte Leaisticithe) (Eisiamh), 1969 [I.R. Uimh. 96 de 1969].


Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontas i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1969 [I.R. Uimh. 43 de 1969].


An tOrdú Oiliúna Tionscail (An Tionscal Éadaí agus Coisbheart), 1969 [I.R. Uimh. 44 de 1969].


An tOrdú Oiliúna Tionscail (An Tionscal Foirgníochta), 1969 [I.R. Uimh. 47 de 1969].


An tOrdú Oiliúna Tionscail (An Tionscal Innealtóireachta), 1969 [I.R. Uimh. 40 de 1969].


Ordú Bhord na Móna (Ús a Tharscaoileadh agus Aisíoc Airleacan a Chur Siar), 1969 [I.R. Uimh. 83 de 1969].


Rialacháin Óglaigh na hÉireann— Cúltaca Fear (An Chéad Líne). R.Ó.É. R.2—Leasuithe. Leasú Uimh. 35.


An tOrdú fán Acht um Eiseachadadh, 1965 (Cuid II) (Uimh. 4), 1969.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú um Chinsireacht Scannán (Táillí), 1969 [I.R. Uimh. 72 de 1969].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Shligigh) (Leasú), 1969 [I.R. Uimh. 52 de 1969].


An tOrdú Oiliúna Tionscail (An Tionscal Teicstíleacha), 1968 [I.R. Uimh. 278 de 1968].


An tOrdú um Cheantar Uirbeach Cheanannus Mór (Teorainn a Athrú), 1969 [I.R. Uimh. 51 de 1969].


An tOrdú um Cheantar Uirbeach Mhuineacháin (Teorainn a Athrú), 1969 [I.R. Uimh. 50 de 1969].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.15 p.m.