Committee Reports::Report - Institute of Civil Engineers of Ireland (Charter Amendment) Bill, 1968 [Private]::05 November, 1968::Report

TUARASCÁIL.

1. Tuairiscíonn an Comhchoiste gur scrúdaigh sé Réamhrá an Bhille agus gur chinn sé gur cruthaíodh chun a shástachta na líomhaintí atá ann.


2. Bhreithnigh an Coiste an Bille agus rinne sé leasuithe air—


(a)chun go soiléireofaí an t-alt lena bhforáiltear díscaoileadh an Chumainn agus aistriú a chuid maoine,


(b)chun laghdú a thabhairt ar an dleacht stampa ad valorem a thiocfadh chun bheith iníoctha ar dhílsiú mhaoin an Chumainn don Institiúid, agus


(c)chun go bhféadfaí an Cumann a scriosadh de Chlár na gCuideachtaí.


Rinne sé roinnt leasuithe ar a dhréachtú freisin.


3. Nuair a bhí an Coiste ag gabháil tríd an mBille bhí tuarascálacha ón Roinn Airgeadais agus ón Roinn Dlí agus Cirt faoina bhráid. Thug an Coiste éifeacht do na moltaí atá sna tuarascálacha sin.


(Síniú) GEARÓID SUATMAN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


5 Samhain, 1968