Committee Reports::Report - Institute of Civil Engineers of Ireland (Charter Amendment) Bill, 1968 [Private]::05 November, 1968::Orders of Reference

SEANAD éIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

3 Iúil, 1968:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (Cairt a Leasú), 1968, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairtear Acht do dhéanamh tuilleadh leasaithe ar an gCairt faoinar corpraíodh Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (arna leasú leis an Acht um Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (Cairt a Leasú), 1960) ionas go n-athrófar ainm na hInstitiúide agus go leathnófar a cuspóirí agus go n-athrófar na forálacha a bhaineann lena comhaltas agus go háirithe ionas go ndéanfar socrú chun comhaltaí láithreacha Chumann na hInnealtóirí a ghlacadh mar chomhaltaí di agus socrú le haghaidh úsáid na tuairisce “Innealtóir Cairte” ag daoine láncháilithe agus do dhéanamh socrú i dtaobh nithe eile a bhaineann leis na nithe réamhráite.


10 Iúil, 1968:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun an Bille um Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (Cairt a Leasú), 1968, a bhreithniú.


11 Iúil, 1968:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste: Seán Ó Coigligh, Eoin Ó Riain agus Liam Sheldon.


11 Iúil, 1968:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste: An Teachta Gearóid Suatman.


DÁIL éIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

4 Iúil, 1968:—Beartaíodh: Go gcomhthoilíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 3ú lá d’Iúil, 1968, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (Cairt a Leasú), 1968 a bhreithniú.


11 Iúil, 1968:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste atá ceaptha ag Seanad Éireann chun an Bille um Institiúid Innealtóirí Sibhialta na hÉireann (Cairt a Leasú), 1968, a bhreithniú.


11 Iúil, 1968:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste: Vivion de Valéra, Seán Ó Conaill agus Deasún Ó Máille.


11 Iúil, 1968:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste: An Teachta Gearóid Suatman.