Committee Reports::Interim and Final Reports of the Committee - Appropriation Accounts 1966 - 1967::08 February, 1968::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 8 Feabhra, 1968.

Thursday, 8th February, 1968.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas) (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Brioscú, Pádraig de Búrca, Mac Bhloscaidh, Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe, Ó Maolmhuaidh, Mac Raghnaill agus Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1966-67.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1966-67. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Poist agus Telegrafa, Oifig an tSoláthair, Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachas agus Meánoideachas.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Scanaill (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), B. Ó Brolcháin (Ceannasaí, Oifig an tSolathair), S. MacGearailt (An Roinn Oideachais), S. Ó Faoláin, M. Ó Raghallaigh, P. Mac Guill agus S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.55 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.