Committee Reports::Interim and Final Reports of the Committee - Appropriation Accounts 1966 - 1967::14 December, 1967::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 14 Nollaig, 1967.

Thursday, 14th December, 1967.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas) (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Brioscú, Pádraig de Búrca, Pádraig Ó Broin, Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe, Ó Maolmhuaidh agus Mac Raghnaill.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1966-67.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1966-67. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tionscal agus Tráchtáil, Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta, Cosaint agus Arm-Phinsean.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Mac Cárthaigh (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), A. Mac Canna (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), S. Ó, Cearnaigh (Rúnaí, An Roinn Cosanta), Máire Bhreathnach agus S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.25 p.m.