Committee Reports::Interim and Final Reports of the Committee - Appropriation Accounts 1966 - 1967::15 February, 1968::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 15 Feabhra, 1968.

Thursday, 15th February, 1968.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas) (i gCeannas), na Teachtaí Brioscú, Pádraig de Búrca, Ó hÉaluighthe, Ó Cionaodha agus Ó Maolmhuaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1966-67.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1966-67. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Ceardoideachas, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, Ollscoileanna agus Coláistí agus Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, Saothar agus Rialtas Áitiúil.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. MacGearailt (An Roinn Oideachais), T. Ó Cearbhaill (Rúnaiacute, An Roinn Saothair), M. Leighléis (Rúnaí, An Roinn Rialtais Áitiúil), S de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athlú ar 12.10 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.