Committee Reports::Interim and Final Reports of the Committee - Appropriation Accounts 1966 - 1967::01 February, 1968::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 1 Feabhra, 1968.

Thursday, 1st February, 1968.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas) (i gCeannas), na Teachtaí Brioscú, Pádraig de Búrca, Pádraig Ó Broin, Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe, Ó Cionaodha, Ó Maolmhuaidh agus Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1966-67.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1966-67. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An Dánlann Náisiúnta, Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála agus Leas Sóisialach.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Maonaigh (Coimisinéir Luachála), S. de Faoite (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), M. Ó hEachach (Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála), L. Ó hUanacháin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), Máire Bhreathnach agus P. Mac Guill (An Roinn Airgeadais) agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.35 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.