Committee Reports::Interim and Final Reports of the Committee - Appropriation Accounts 1966 - 1967::13 December, 1967::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Dé Céadaoin, 13 Nollaig, 1967.

Wednesday, 13th December, 1967.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas) (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Brioscú, Pádraig de Búrca, Pádraig Ó Broin, Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe, Ó Cionaodha, Ó Maolmhuaidh agus Mac Raghnaill.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1966-67.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1966-67.


Chríochnaigh an Coiste a scrúdú ar Mhíreanna 1 agus 2 den Tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Béara (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), T. Whitaker agus S. Ó Muirí (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Tuarascáil Eatramhach an Choiste.


Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Thuarascáil Eatramhach faoi bhráid an Choiste chun a breithnithe.


Aontaíodh an Dréacht-Thuarascáil Eatramhach.


Ordaíodh: Tuairisc dá réir sin a thabhairt don Dáil.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 6 p.m. go dtí 11 a.m. amárach.