Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1965 - 1966::14 July, 1967::Report

TUARASCÁIL

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 28 FEABHRA, 1967

1. Beidh an Coiste ag feitheamh ar na tuairimí breise ón Aire Airgeadais faoi na cúrsaí seo a leanas a tugadh faoi thrácht i dtuarascálacha roimhe seo:—


Tuarascáil dar dáta 12 Samhain 1964

Mírialtachtaí in éilimh ó onnmhaireoirí áirithe bólachta ar íocaíochtaí ráthaithe.


Tithe cónaithe a thóg conraitheoir do Choimisiún na Talún— imeachtaí a eisíodh in aghaidh urraí.


Tuarascáil dar dáta 10 Márta, 1966

Éilimh in aghaidh St. Patrick’s Copper Mines, Ltd.


Tuarascáil dar dáta 17 Samhain, 1966

Cuntais iniúchta ó chomhlachtaí a fhaigheann teannta as airgead vótáilte.


Scéimeanna siltin abhann idirmheánacha.


Damáiste stoirme do thithe gloine.


An Dánlann Náisiúnta—pictiúir ar iasacht.


Forluí feidhmeanna idir an Foras Forbartha agus an Chomhairle Foirgníochta Náisiúnta.


Dúbailt feidhmeanna agus forluí iarrachtaí chun cúnamh teicniúil a sholáthar.


2. Sa tuarascáil dar dáta 22 Feabhra, 1961, agus i ngach tuarascáil ó shin, luaigh an Coiste cás na n-íocaíochtaí dúblacha as uisce a sholáthar d’áitribh de chuid an Stáit. Níor réitíodh fós an cheist faoi na híocaíochtaí iomarcacha a fháil ar ais. Baineann sé le dealramh go bhfuil an scéal á ligean chun fadála agus mar sin tá an Coiste ag súil go ndeimhneoidh an tAire Airgeadais go dtabharfar chun críche é gan puinn moille.


3. Tagraíodh freisin sa tuarascáil dar dáta 22 Feabhra, 1961, do rialú an tsoláthar leictreachais i gceathrúna do shaighdiúirí pósta agus don tseirbhís sin a bheith faoi riaradh Bhord Soláthair an Leictreachais.


Is cúis diomá é nach bhfuil caibidlí leis an mBord críochnaithe fós. Tá an Coiste ag coinne le míniú iomlán.


Tuarascáil dar dáta 17 Samhain, 1966

4. Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach an bhfuil tosaithe fós ar an dara céim d’athchóiriú an Ospidéil Ríoga i gCill Mhaighneann; agus, má tá, an ndearnadh socrú sa chonradh, mar gheall ar ar tharla cheana, chun laghdú a thabhairt ar tháillí fostaithe scafall, gléasra, etc.


5. Is maith leis an gCoiste go ndearnadh an scéal míshásúil a bhain leis an ioncam a bhí á fháil ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí as áitreabh a ligean i Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, a chur ina cheart, tar éis iarratas a fháil ar athnuachan an léasa go ceann cúig bliana eile, agus go mbeidh an cíos le hathbhreithniú sula n-athnuafar an léas feasta. Tugann sé dá aire freisin go bhfuiltear á iarraidh ar Ranna a bhfuil maoin ina gcúram léasanna a choinneáil faoi léirmheas d’fhonn aon ní dá leithéid sin a sheachaint feasta.


6. Tugann an Coiste dá aire torthaí an scrúdaithe a rinne an Roinn Airgeadais ar íocaíochtaí i leith ragoibre i Ranna Rialtais agus go gcoimeádar an scéal faoi bhuan-bhreithniú.


7. Chuideodh sé leis an gCoiste dá dtabharfaí feasta sna Cuntais Leithreasa nótaí a d’inseodh cad é méid iomlán na n-íocaíochtaí as ragobair.


8. Maidir le nótaí an Aire Airgeadais ar an gceist i dtaobh na gclár maidir le maoin faoi riaradh na Roinne Cosanta, measann an Coiste go mbaineann moill mhíréasúnach leis na maointe a thuairiscítear faoi “B” sa Mheamram a ghabhann leis seo a dhílsiú don Aire Cosanta. Ba mhaith leis an gCoiste dá bhrí sin go mbeadh eolas á fháil aige faoin dul chun cinn a dhéanfar sa ní sin.


CUID II—CUNTAIS FAOI LEITH

Costais Ilghnéitheacha

Foscríbhinn IV


9. In Aibreán 1958 measadh go sealadach gur £250,000 a chosnódh sé Amharclann na Mainistreach a atógáil. In Iúil 1960 mheas suirbhéir canníochtaí go gcosnódh sé £280,000, gan táillí lucht gairme a áireamh, ach cabhlach Amharclann na Péacóige a chur san áireamh. Rinneadh an conradh don fhoirgneamh nua leis an gconraitheoir ab ísle tairiscint ar £309,773, maille le breis a measadh ar £38,721 in aghaidh táillí agus caiteachas lucht gairme, is é sin, £348,494 ar fad. £650,000 meastachán críochnaitheach an chostais, méadú £300,000 ar an bpraghas de réir an chonartha, móide táillí, etc. Tugtar i bhfoscríbhinn sonraí ar na méaduithe, agus is féidir iad a choimriú mar a leanas:—


Méadú ar chostas pá agus ábhar i leith obair an chonartha

£

bhunaidh

..

..

..

..

..

..

..

40,828

Críochnú agus trealmhú Amharclann na Péacóige

..

83,890

Athruithe déanmhais a fuarthas a bheith riachtanach le

 

linn na tógála, agus obair ar mhaoin thadhlach

..

37,125

Cóiríocht bhreise; feabhsúcháin ar shainobair thógála,

 

rialú soilsiúcháin, aerú, cosc tine, trealamh leictreachais

 


agus fuaimíochta agus cóiriú stáitse

..

..

..

105,748

Méadú ar tháillí lucht gairme, etc., ó £38,721 go £72,170

..

33,449

 

£301,040

Sa tuarascáil uaidh dar dáta 17 Samhain, 1966, chuir an Coiste in iúl gur chúis imní leis an claonadh atá ann, agus atá ag dul i dtreise, gannmheastachán a dhéanamh ar chostas oibreacha poiblí. Cuireann an ráiteas atá leagtha amach thuas i gcéill go raibh an plean bunaidh i bhfad ó bheith iomlán agus gur chóir go n-aithneofaí roimh ré go mbeadh formhór na hoibre breise le déanamh agus go mbeadh soláthar dó sa chonradh bunaidh. Cuireann na táillí do lucht gairme, etc. —£72,170 ar aon tionscnamh amháin—treise leis an bpointe a thug an Coiste i dtrácht roimhe seo gur beag an spreagadh atá ann chun airgead a shábháil fad atá táillí á dtomhas de réir na gcostas in ionad iad a thomhas de réir na hoibre a dhéantar. Ina leith sin de, tarraingítear aird ar an ráiteas (Foscríbhinn XLV) i dtaobh £106,000 táillí a íoc, anuas go dtí an 31 Márta, 1967, i leith atógáil Choláiste Oiliúna Naomh Pádraig.


Sláinte

10. Faigheann an Coiste, ón Roinn, ráitis a bhaineann le caiteachas, etc., ag údaráis sláinte. Ba mhaith leis na ráitis sin a fháil feasta tráth a bheadh sách fada roimh an Oifigeach Cuntais a bheith faoi cheistiú aige chun dóthain ama a fhágáil ag comhaltaí an Choiste le staidéar a dhéanamh ar an eolas sna doiciméid.


Cta. 35, 38-49


11. Chaith údaráis sláinte £1.9 milliún ar dhrugaí agus leigheasanna don bhliain 1965-66, is é sin £300,000 de mhéadú ar an mbliain roimhe sin agus £600,000 de mhéadú ar an mbliain 1963-64. Níl aon mhíniú sásúil ar an méadú mór sin ar fud na tíre go léir ar chostas drugaí, etc., ach amháin gur mó a n-ordaítear de na drugaí agus na leigheasanna nua saindílsithe ná dá n-ionsamhla teiripeacha. Chun cosc a chur leis an gclaonadh sin sholáthraigh an Roinn do na dochtúirí íoclainne go léir leabhrán inar tugadh ainmneacha na n-earraí saindílsithe agus ainmneacha a n-ionsamhla teiripeacha, ach is cosúil gur fearr lena lán dochtúirí ullmhóidí nua sofaisticiúla a ordú.


Ní féidir diomailt drugaí a choimeád faoi urlámhas de bhrí nach gceanglaítear ar dhochtúirí cuntas a choinneáil ar an méid a thógann siad amach agus ar a ndéantar leo. Rinne an Roinn scrúdú ar ghearáin i dtaobh diomailte ach ní bhfuarthas cruthúnas ar an diomailt; ar a shon sin is ábhar imní é an méadú atá ag teacht ar chostas drugaí agus thug an Roinn ar na húdaráis sláinte go léir imlitir ina thaobh a eisiúint.


Tá cógaslanna lárnacha á n-oibriú ag cúpla údarás sláinte, agus in ionad an dochtúir íoclainne nó an t-ospidéal beag a bheith ag fáil soláthairtí ó na conraitheoirí is í an chógaslann sin a chuireann ordú orthu agus ar an dóigh sin tá urlámhas éigin ar na stoic sna haonaid bheaga. Ach ní choimeádtar cuntais rialta ar stoic agus stóir agus fágann sin nach mór an chabhair chun urlámhas níos dlúithe a oibriú an chigireacht a dhéanfadh lia-chigirí ón Roinn. Déanann iniúchóirí rialtais áitiúil iniúchadh ar chuntais na n-údarás sláinte, ach ina gcás sin freisin níl imscrúdú indéanta cheal cuntas.


Measann an Coiste go mbaineann fadhbanna casta leis an urlámhas. Is eol don Choiste go mbíonn ar dhochtúirí sároilte cuid mhaith ama a chaitheamh le gnáthobair chléireachais agus ní háil leis breis dá dhua sin a chur orthu. Dá mbeadh cúnamh acu ó lucht cléireachais b’fhéidir go bhfágfadh sin breis ama acu le haghaidh obair dhílis dhochtúireachta, agus go bhféadfaí dá bharr sin cuntais éifeachtacha a choinneáil. Sin rud nár mhiste don Roinn a phlé leo siúd lena mbaineann an scéal.


Ct. 50


Go dtí pointe áirithe, is é ba chúis leis an méadú mór ar chostas drugaí agus leigheasanna go rabhthas á soláthar saor in aisce do dhaoine gan cártaí liachta. Tá sin á dhéanamh le dhá bhliain nó trí i gcás daoine a measann na húdaráis go bhfuil teideal acu chucu mar gur chruatan orthu é drugaí agus leigheasanna a cheannach do dhuine dá dteaghlach. Ina lán cásanna bíonn ag dochtúirí íoclainne othair phríobháideacha is dóigh leo nach bhféadfadh íoc as drugaí costasacha, agus as a gcomhairle féin tugann siad do na hothair sin soláthar drugaí as na stoic atá faoina réir acu gan a thabhairt ar na hothair iarratas a dhéanamh chun an údaráis sláinte.


Is é tuairim an Choiste go bhféadfaí cuid mhaith den diomailt atá ann a sheachaint. Creideann an Coiste gur cóir go mbeadh an aire agus an chóireáil is fearr is féidir le fáil ag othair ach is dóigh leis gur ceart gach ar féidir a dhéanamh chun díomailt de gach uile chineál a sheachaint.


An Dánlann Náisiúnta

12. I gcúrsa a fhianaise rinne Stiúrthóir na Dánlainne Náisiúnta gearán faoi gurbh éigean suim £500, a bhí fágtha gan caitheamh den deontas £2,500 chun oibreacha ealaíne a shlánchoimeád, a thabhairt suas don Státchiste. Tharla an farasbarr ann toisc nach ndearnadh ábhair a ordaíodh a sheachadadh in am chun íoc astu sa bhliain airgeadais, agus bheadh an dliteanas le freagairt as deontas na bliana ina dhiaidh sin. Seirbhís nua atá ansin agus is léir de bharr taithí gur mó ab iomchuí soláthar a dhéanamh di le Deontas-i-gCabhair. Feictear don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus don Roinn Airgeadais nach bhfuil aon ní ina aghaidh sin agus mhol an Coiste go ndéanfaí amhlaidh.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí

13. I 1961 d’fhéach Coimisinéir ína nOibreacha Poiblí le leathacra talún i nGaillimh a cheannach le haghaidh láithreán do stáisiún taighde iascaigh, ach thit an scéal ar lár i 1963. Ansin chuir an Rannán Iascaigh faoina mbráid láithreán 4½ acra in aice le Páirc Merlin, Gaillimh, a bhreithniú, agus tar éis margántaíochta fada ceannaíodh an láithreán i 1966 ar £9,000 móide táillí.


Nuair a bhí an t-idirbheart sin faoi scrúdú ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste thug sé dá aire gur dhíol an tAire Sláinte i 1966 trí láithreán—9, 10 agus 11 acra—ar £400 an ceann, in áit nach bhfuil i bhfad ón láithreán 4½ acra. Tar éis tuilleadh fiosraithe a dhéanamh fuair sé amach go ndearnadh 340 acra a cheannach i gcéaduair i bPáirc Merlin as Ciste Iontaobhais na nOspidéal; go raibh talamh de bhreis ar a raibh ag teastáil sa 150 acra a aistríodh chuig an údarás sláinte i dteannta an tsanatóra nua, agus gur cinneadh an talamh breise sin a fhágáil ag an údarás sin d’fhonn é a choinneáil ó fhorbairt mhíchuibhiúil. Insíodh dó gur díoladh na míreanna 9, 10 agus 11 acra dá dtagraítear thuas sula ndeachaigh Oifig na Oibreacha Poiblí i mbun fiosraithe.


Insíodh don Choiste gurb é an gnás é ag na Coimisinéirí eolas a thabhairt do Ranna eile ar mhaoin atá le díol, ach nach bhféadfaidís a rá an ndeachaigh an Roinn Sláinte i gcomhairle leo sa chás áirithe seo. Bhí a n-ailtirí ag lorg láithreán oiriúnach don stáisiún taighde ar feadh tamall maith sular moladh an láithreán 4½ acra; bhí teannadh ar na Coimisinéirí i gcónaí agus ní raibh de rogha acu ach dul chun cinn leis an idirbheart, bíodh go raibh an 4½ acra níos fairsinge ná mar ba ghá.


De réir na fianaise a bhí os a chomhair, is deacair leis an gCoiste glacadh leis nach bhféadfaí láithreán níos saoire a fháil don stáisiún taighde iascaigh. Go deimhin, dealraíonn an praghas a íocadh a bheith as miosúr ar fad i gcomparáid leis an luach atá ar thalamh. Ba mhaith leis an gCoiste a fhios a bheith aige conas a úsáideadh an láithreán agus an bhfuil aon chuid den talamh ar fáil lena dhiúscairt chun tairbhe an Státchiste.


14. Tagraíodh i dtuarascálacha roimhe seo d’athchóiriú Bheairic an Teampaill Mhóir le hionad traenála don Gharda Síochána a dhéanamh de, agus do na himeachtaí míshásúla a bhí ag déanamh cúraim don Choiste. De réir na fianaise is déanaí, cuireadh bac ar íocaíochtaí críochnaitheacha—idir £10,000 agus £20,000 de réir mar a mheastar— mar gheall ar lochtanna ar an linn snámha, agus cé gur slánaíodh na lochtanna sin go bhfuil baol ann go dtiocfaidh siad chun cinn arís, agus tá comhairleoir neamhspleách fostaithe ag an Roinn Dlí agus Cirt chun dearadh agus déanamh na linne a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt. De bhrí gur caitheadh mórchuid airgid as cistí Stáit ar an obair sin, teastaíonn ón gCoiste go mbeadh faisnéis á fáil acu ina thaobh.


15. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar thrí chás inar measadh costas oibreacha áirithe ar shuim a bhí i bhfad róbheag. Ba é an chéad chás díobh deisiúchán, etc., ar Sciathán Thuaidh an Ospidéil Ríoga i gCill Mhaighneann—£40,000 an meastachán bunaidh, £180,000 an caiteachas; ba é an dara cás díobh ardaitheoir paisinéirí a chur isteach in Oifig na nOibreacha Poiblí— £4,000 an meastachán bunaidh, £16,000 an caiteachas; ba é an tríú cás díobh críonlobhadh sa Teach Custam i Luimneach a scriosadh— £7,000 an meastachán bunaidh, £28,000 an caiteachas.


Glacann an Coiste leis na mínithe a tugadh ar na deacrachtaí a tharla agus nárbh fhéidir bheith ag coinne leo, agus tugann sé dá aire an deimhniú go mbítear i gcónaí á mheabhrú do na hailtirí chomh tábhachtach agus atá sé go ndéanfaí meastacháin fhíorchearta, ach ba mhaith leis aird a tharraingt ar mhír 19 den tuarascáil uaidh dar dáta 17 Samhain 1966 sa mhéid go mbaineann an mhír sin leis an mbonn a bhaint ó urlámhas airgeadais trí mheastacháin nach bhfuil fíorcheart a thabhairt faoin gcaiteachas ar obair a bheartaítear. Ba mhaith leis an gCoiste freisin a chur in iúl gurb ábhar imní leis gannmheastachán a bheith á dhéanamh go rómhinic.


Leas Sóisialach

16. Le halt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnétheacha), 1965, foráladh méadú 10/- sa tseachtain ar phinsin seanaoise murar mhó ná £26 5s. Od. an acmhainn bhliantúil, agus méadú 5/- má bhí an acmhainn bhliantúil idir £26 5s. Od. agus £52 10s. 0d. Bhí na méaduithe sin le teacht in éifeacht ón 1 Lúnasa, 1965, agus soláthraíodh dóibh sa Cháinaisnéis. Ní raibh ar fáil i dtaifid chuntasaíochta na Roinne eolas as a n-aithneofaí cérbh iad na pinsinéirí a bhain leis na grúpaí sin, agus chun go gcomhlíonfaí an fhoráil go mbeadh na híocaíochtaí méadaithe le tabhairt ón 1 Lúnasa b’éigean leas a bhaint as eolas ó thaifid a ullmhaíodh roimhe sin chun críocha staitistiúla. Le linn dó seiceáil thrialach a dhéanamh ar na méaduithe a íocadh, d’aimsigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste roinnt ró-íocaíochtaí agus de bharr a fhiosruithe cuireadh i bhfios dó go bhfuarthas amach nach raibh na taifid staitistiúla iontaofa; go raibh beart á dhéanamh chun na ró-íocaíochtaí a fháil ar ais; agus go raibh scrúdú iomlán á dhéanamh ar na cásanna go léir a bhain leis na grúpaí. Cuireadh toradh an scrúdaithe in iúl don Choiste le déanaí. Dá réir sin bhí timpeall 1,100 cás i gceist, agus ba é méid na ró-íocaíochtaí suim £14,000. Tá an Coiste ag brath air gur féachadh chuige go mbeidh eolas cruinn ar fáil feasta chun críocha airgeadais agus cuntasaíochta ionas nach dtarlóidh athuair na deacrachtaí a bhí faoi bhreithniú.


Feictear don Choiste freisin nach foláir nó bheadh na hiarrachtaí chun na ró-íocaíochtaí a fháil ar ais ag cur cruatain ar phinsinéirí a ghlac de mheon macánta leis na méaduithe, agus rinne sé tathaint ar an Aire Leasa Shóisialaigh agus ar an Aire Airgeadais na ró-íocaíochtaí a mhaitheamh dóibh. Is maith leis a chur in iúl gur aontaigh na hAirí sin le tuairim an Choiste agus go ndíscríobhfar na ró-íocaíochtaí.


Poist agus Telegrafa

17. I gcúrsa a thuarascála bhí ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste roinnt tagairtí a dhéanamh don mhéadú a tháinig ar chuntais fionraí. Sin rud a thagann faoi thrácht ó am go ham, agus sa Roinn Poist agus Telegrafa is gnách suimeanna móra a bheith i gceist. Is é an prionsabal atá dea-bhunaithe gur ceart caiteachas a thagann chun bheith iníoctha a mhuirearú in aghaidh na leithreas-i-gcabhair don bhliain ina ndéantar an íocaíocht. Má tá iarmhéideanna chun dochair dó, is ionann é sin agus ganntanas airgid réidh agus chuir Coistí roimhe seo in iúl go daingean a míshástacht le moill a dhéanamh faoi chuntais den sórt sin a ghlanadh.


Shonraigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina thuarascáil gur fágadh de mhuirear ar chuntais fionraí caiteachas iomlán na Roinne ar iompar earraí sa bhliain 1964/65—suim £67,644, mar aon le £44,466 de na suimeanna a íocadh i mblianta roimhe sin—a ndearnadh freastal dóibh as iarmhéideanna de chuid na Roinne. Ba é an míniú a thug an Roinn gur chúrsaí foirne ba chúis leis an moill a bhain le glanadh na gcuntas.


Íocadh go tráthúil na cuntais a bhain le hiompar earraí, acih b’égean scrúdú na sonraí agus cionroinnt na muirear a chur siar. Deimhníodh don Choiste gur glanadh ó shin na cuntais dar thagair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus go mbeidh an scéal faoi bhreithniú go rialta.


18. Is mian leis an gCoiste go ndéanfaí Cuntais Tráchtála na seirbhísí Postoifige a chur ar fáil chomh fada agus is féidir roimh an Oifigeach Cuntais a bheith faoi cheistiú ionas go mbeidh caoi ag comhaltaí an Choiste chun stáidéar a dhéanamh ar na sonraí.


Cosaint

19. Cuireadh pearsanra, trealamh, etc., míleata ar fáil do chuideachta scannán a bhí i mbun pictiúr a dhéanamh i gContae Chill Mhantáin. I dtosach báire measadh gur timpeall £30,000 a chosnódh sé, ach de réir mar a chuaigh an scannánaíocht ar aghaidh iarradh seirbhísí breise agus nuair a bhí an gnó críochnaithe measadh go raibh £90,000 ag dul don Roinn. Le linn an tArm a bheith ag gabháil don obair fuarthas £35,000 ina thráthchodanna ón gcuideachta, ach díospóideadh éileamh críochnaitheach na Roinne agus rinneadh éileamh leasaithe ar £79,000. Is dóigh leis an gCoiste go bhfuil sé tábhachtach teannadh a chur lena thuairim gur cheart go mbeadh íoctha as na seirbhísí sular soláthraíodh iad.


Rialtas Áitiúil

20. Cuirtear cuntais na nDleachtanna Mótarfheithiclí, etc., a chruinníonn údaráis áitiúla á n-iniúchadh ag Iniúchóirí Rialtais Áitiúil agus tagann na tuarascálacha uathusan faoi scrúdú ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Léirigh tuarascáil acu sin nach raibh caighdeán sásúil riaracháin in oifig áirithe chánachais áitiúil. Cuireadh i bhfios don Choiste go raibh an scéal faoi scrúdú agus ba mhaith leis go gcuirfí toradh an scrúdaithe in iúl dó.


Oifig an tSoláthair

21. Déileálann painéal ceathrar conraitheoir, faoi chonradh cúig bliana, le clódóireacht leabhar faoi dhithneas. Sa tréimhse 1960-65 chuaigh na praghsanna ó 33⅓ faoin gcéad go 50 faoin gcéad thar na rátaí sceidil. Thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi deara go ndearnadh os ceann leath (de réir luacha) na clódóireachta den chineál sin a thabhairt don ghnólacht a raibh an praghas ab airde á bhaint amach aige. Mhínigh an tOifigeach Cuntais gur tugadh obair na clódóireachta don ghnólacht a bhí in ann freastal dó faoi cheann aimsire beacht-chinnte.


Nuair a bhíonn dithneas leis an obair níl dul ó ráta greasachta is airde ná na gnáthrátaí; ach d’fhéadfadh an dithneas a bheith ann toisc nár cuireadh ordú ar an obair in am trátha ar ghnáthrátaí conartha. Dealraíonn sé gur mar sin a tharla i roinnt cásanna ar tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird orthu. Chonacthas don Choiste gur bhain nós imeachta aimpléiseach fadálach leis na conarthaí a dhéanamh agus gur mithid é a leasú. Tugann sé dá aire go bhfuil feabhas ar an scéal de bharr líon na bhfoirmeacha a laghdú agus conraitheoirí míshásúla a chur ó chion. Tá súil ag an gCoiste go ndéanfar gach dícheall chun breis feabhais a thabhairt ar an tseirbhís.


Foscríbhinn XXXV


22. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl go ndearnadh dhá inneall gearrtha cártaí seoltaí a fhostú i Samhain 1961 le haghaidh a n-úsáidte ag na Coimisinéirí Ioncaim go dtí go gceannófaí innill dá samhail le haghaidh buanúsáide. Seachadadh na hinnill sin i Meitheamh 1962 ar chostas £91, ach níor cuireadh na cinn a fostaíodh ar ais go dtí Bealtaine 1963 agus um an dtaca sin bhí £468 ar na táillí. Fuarthas an t-éileamh ar na táillí fostaithe i mBealtaine 1963 ón gconraitheoir ach níor socraíodh é go dtí Feabhra 1966. Dúradh gurbh é fáth na moille an cleachtas faoina bhfaigheann Oifig an tSoláthair, trí na Coimisinéirí Ioncaim, ceadú na Roinne Airgeadais chun an íocaíocht a dhéanamh. Thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi deara freisin go raibh roinnt mhaith éileamh eile as inneallra oifige a fhostú do na Coimisinéirí Ioncaim thar úd a n-íoctha ar an 31 Márta, 1966, agus insíodh dó gur bhain moill leosan toisc eolas breise a bheith ag teastáil ó na Coimisinéirí Ioncaim nó toisc nach bhfuarthas ceadú ina leith ón Roinn Airgeadais.


Ar an gcéad dul síos, maidir leis an tréimhse fhada a coimeádadh an dá inneall cártaí seoltaí ar fostú, is ionadh leis an gCoiste laghad an chaidrimh a bhí ag Oifig an tSoláthair, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim agus an Roinn Airgeadais lena chéile. Níorbh eol d’Oifig an tSoláthair gur coinníodh na hinnill i ndiaidh mí Meithimh 1962 go dtí go bhfuair siad bille na dtáillí i mBealtaine 1963, agus níor cuireadh in iúl don Roinn Airgeadais é go dtí mí na Nollag 1965, cé gur ghá údarás ón Roinn sin chun na táillí a íoc. Níl glacadh leis an míniú ar an moill fhada. Feictear don Choiste nach raibh de pháirt ag Oifig an tSoláthair sa ghnó ach cuntais a íoc; sa chás atá i gceist, agus sna cásanna eile dar thagair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, go raibh toghadh an trealaimh lena cheannach nó lena fhostú ag Roinn faoi réir a cheadaithe ag rannóg eagraíochta agus modhanna na Roinne Airgeadais, agus go mbaineann sé ó éifeachtúlacht riaracháin agus ón urlámhas ar airgeadas baint a bheith ag trí Roinn leis an ngnó.


Is maith leis an gCoiste go bhfuil dul chun cinn déanta chun éifeachtúlacht a fheabhsú tríd an trealamh oifige is nua a chur isteach in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, agus i Ranna Rialtais eile, ach is cúram ar leith air an fhreagracht i leith cuntas agus an t-urlámhas ar airgeadas, agus ós rud é go bhfuiltear anois tar éis laige a aimsiú sa réim sin tá coinne aige go ndéanfar bearta chun an laige sin a shlánú.


Iompar agus Cumhacht

23. Chosain sé £476,007 na príomhfhoirgnimh in Aerfort Chorcaí a thógáil, agus gan sa mheastachán bunaidh ach £195,000, a méadaíodh go dtí £287,500 nuair a fuarthas tairiscintí don obair. Luadh trí chúis leis an gcaiteachas méadaithe—(1) toisc práinn a bhaint leis an obair go ndearnadh an conradh sularbh fhéidir seirbhísí speisialta a phleanáil go mionchruinn; (2) gur ghá athruithe a dhéanamh le linn an conradh a bheith á chur i gcrích; (3) nach féidir meastachán fíorcheart a thabhairt roimh ré gan pleanáil bheacht roimh ré, agus sa chás seo nach raibh an uain ann chuige sin. In áiteanna eile sa tuarascáil seo tagraíodh don tábhacht a bhaineann le meastacháin fhíorchearta ó thaobh urlámhas airgeadais, agus tá súil ag an gCoiste go dtabharfar aird mar is cuí ar a bhfuil ráite aige.


24. Ó osclaíodh an tAerfort i 1961 b’éigean fuinneoga a dheisiú ar chostas £6,000, ionas nach ligfidís an bháisteach isteach. Insíodh don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nárbh é a ndearadh ná a ndéanamh a bhí lochtach ach go raibh an aimsir ag an Aerfort thar a bheith go dona mar gheall ar é a bheith in áit sceirdiúil 600 troigh os cionn cothrom na farraige. Chonacthas don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur cheart go mbeadh colas curtha ar dhálaí na haimsire san áit sular pleanáladh dearadh na bhfuinneog. Tá an Coiste ar aontuairim leis agus is mian leis an gCoiste a chur in iúl nach bhfuil sé sásta leis an míniú a tugadh ar an gcaiteachas sin.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim

Foscríbhinn XXXVI


25. I mír 26 den tuarascáil roimhe seo ón gCoiste rinneadh tagairt don tseiceáil a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim ar na cuntais a fhaightear ó dhaoine cláraithe i dtaobh a láimhdeachais inchánaithe. Sa bhliain atá faoi léirmheas bhí 48 gcás ar fad ann ar bhain míréireachtaí leo agus ar tuairiscíodh iad le haghaidh ionchúisimh. Socraíodh 22 chás díobh tríd an gcáin láimhdeachais a bhí amuigh a íoc maille le hús, in éineacht le suim in aghaidh pionós comhréitigh; sna 26 chás eile cuireadh imeachtaí dlí ar bun agus gnóthaíodh pionóis dá mbarr. De thoradh míréireachtaí a aimsiú i rith na bliana, tugadh chun solais agus cruinníodh san iomlán os cionn £50,000 cánach láimhdeachais sa bhreis. Ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil i dtaobh an méid iniúchóireachta a dhéanann an Roinn do na ceantair go léir, lena n-áirítear Baile Átha Cliath, agus i dtaobh aon mhíréireachtaí eile a aimsíodh.


Talmhaíocht

Foscríbhinn XXIX


26. Cuireadh tús ar an 1 Eanáir 1964 le scéim na ndeontas as seafaidí i ndiaidh breith, agus socraíodh leis an scéim go n-íocfaí deontas £15 as gach seafaid i ndiaidh breith a choimeádfadh úinéir bólachta de bhreis ar ghnáthlíon a thréada. Ó thosach na scéime anuas go dtí an 31 Márta, 1966, íocadh £5,761,950 mar dheontais in aghaidh 384,130 seafaid i ndiaidh breith. Thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste dá aire, ó staitistic na Roinne de réir mhóráireamh bliantúil na bólachta, nár tháinig ach 245,000 de mhéadú ar líon na mbó bainne ó Eanáir 1964 go hEanáir 1966. Ós rud é go bhféadfadh breis is £2 mhilliún caiteachais a bheith i gceist leis an míréireacht, d’fhiafraigh sé arbh fhéidir an méadú sin agus an méid deontas a íocadh a thabhairt chun réitigh.


Mhínigh an tOifigeach Cuntais gurbh ionann líon na dtréad a thuill deontas agus tuairim leath an líon a cláraíodh faoin Scéim chun Eitinn Bhólachta a Scriosadh, go mbeadh na bó-thréada go léir a ndeachaigh méadú orthu ar áireamh sa scéim; nach ndeachaigh méadú, nó gurb amhlaidh a chuaigh laghdú, ar na tréada nach raibh páirteach inti; agus go ndearnadh sa tréimhse a bhí i gceist 64,000 bó a mharú faoin Scéim chun Eitinn a Scriosadh, rud a thug laghdú sealadach, nó a d’fhág nach ndeachaigh méadú, ar líon mórán tréad. Cuireadh an dlí ar 25 éilitheoir mar gheall ar éilimh bhréige a dhéanamh agus ciontaíodh 20 éilitheoir díobh.


Níl an Coiste sásta ar fad go bhfuarthas leormhíniú ar an neamhréireacht idir an méid deontas a íocadh agus an méadú ar líon iomlán na mbó, agus ba mhaith leis a fháil amach an bhféadfaí bealach oiriúnach a cheapadh chun na figiúirí sin a thabhairt chun réitigh níos dlúithe. Dúradh gur tháinig laghdú beag ar líon na mbó in Eanáir 1967 i gcomparáid le hEanáir 1966, rud atá corrbhuaiseach ó thaobh an réamh-mheastacháin sa Dara Clár um Fhorbairt Eacnamaíoch.


27. Tagraíodh i mír 32 de thuarascáil an 12 Samhain 1964 ón gCoiste do chuntais an Bhord Bainne in aghaidh na bliana dar chríoch 31 Márta, 1963, a bheith gan fáil ag an gCoiste. Ar an 13 Aibreán, 1967, nuair a bhí an tOifigeach Cuntais faoi cheistiú ag an gCoiste, insíodh dó go ndearna an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste na cuntais don bhliain dar chríoch 31 Márta, 1966, a iniúchadh agus tuarascáil a thabhairt orthu i mí na Samhna, 1966, ach nár tíolacadh don Oireachtas iad agus nach raibh siad ar fáil don Choiste. De réir dealraimh, níor comhlíonadh forálacha fho-alt 3 d’alt 48 den Acht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961, maidir le tíolacadh na gcuntas. Tugann an Coiste dá aire gur tíolacadh iad ó shin ach is ábhar milleáin leis an mhoill, agus tá sé ag súil go mbeidh na cuntais ar fáil feasta in am agus i dtráth chun iad a bhreithniú.


28. Ar é a cheistiú ag an gCoiste maidir le cuntais an Bhord Gráin, dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur thug sé faoi deara, i gcúrsa a n-iniúchta aige, gur gearradh ús bainc ar an mBord i leith a rótharraingtí le linn stailc na mbanc, a tharla tráth a mbeadh cuid mhaith airgid á thaisceadh sa bhanc aige. De bhrí narbh fhéidir leis an mBord an t-airgead a thaisceadh, bhain caillteanas £9,000 dó, agus d’iarr an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bhféachfaí lena thabhairt ar na bainc an muirear sin a mhaitheamh. Fuair na bainc £114,000 úis ón mBord i rith na bliana, ach dhiúltaigh siad an t-ús in aghaidh tréimhse na stailce a laghdú. Is léir go bhfuil cáineadh tuillte ag na bainc, ach ní mór rud éigin thairis sin a dhéanamh, trí reachtaíocht más gá, chun an pobal, agus na cáiníocóirí san áireamh, a chosaint ar a gcur faoi éiric dá dtarlódh a leithéid feasta.


DONNCHADH MacEOIN,


Cathaoirleach.


14 Iúil, 1967