Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1965 - 1966::14 July, 1967::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

27 Aibreán, 1966:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 127 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh.


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31 Márta, 1965, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


11 Bealtaine, 1966:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Dáibhéid Mac Aindriú, Beircheart Brioscú, Pádraig de Búrca, Pádraig Ó Broin, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Aguistín Ó hÉaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), Donnchadh Mac Eoin, Éinri Ó Cionaodha, Roibeard Ó Maolmhuaidh, Seán Ó Conaill agus Seán Ó Treasaigh.


15 Nollaig, 1966:—Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntais agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31 Márta, 1966 a chur, chun iad a scrúdú, agus tuarascáil a thabhairt chun an Choiste um Cuntais Phoiblí a ceapadh de bhun Ordú na Dála an 27 Aibreán, 1966. [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh.]