Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1965 - 1966::09 February, 1967::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin 9 Feabhra, 1967

Thursday 9th February, 1967

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Brioscú, Pádraig de Búrca, Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árainn Theas), Ó Cionaodha, Ó Maolmhuaidh agus Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1965-66.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1965-66. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Státseirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Deontais Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha, Méadú ar Phinsin, Luach Saothair, Sláinte, An Phríomh-Oispidéal Meabhair-Ghalar agus Roinn na Gaeltachta.


4. Finnéeithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. K. Whitaker (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), P. S. Ó Muireadhaigh (Rúnaí, An Roinn Sláinte), L. Toacuteiacuten (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), Máire Bhreathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.5 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.