Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1965 - 1966::16 February, 1967::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin 16 Feabhra, 1967.

Thursday 16th February, 1967.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Brioscú, Pádraig de Búrca, Ó hÉaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Arainn Theas), Ó Cionaodha agus Ó Maolmhuaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1965-66.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1965-66. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— An Dánlann Náisiúnta, Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais agus Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. de Faoite (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), S. Ó Mairtín (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), A. Mundow (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), S. Ó Maonaigh (Coimisinéir Luachála), M.Ó hEachach (Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála), Máire Bhreathnach agus S. Ó Faoláin (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.30 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.