Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1965 - 1966::23 February, 1967::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin 23 Feabhra, 1967.

Thursday 23th February, 1967.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Brioscú, Pádraig de Búrca, Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árainn Theas) agus Ó Maolmhuaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1965-66.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1965-66. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tionscal agus Tráchtáil, Leas Sóisialach, Gnóthaí Eachtracha agus Comhar Idirnáisiúnta.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Mac Cárthaigh (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), L. Ó hUanacháin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), agus A. Mac Canna (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), C. Ó Broin, S. de Faoite agus P. Mac Guill (An Roinn Airgeadais) agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.10 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.