Committee Reports::Interim and Final Reports of the Committee - Appropriation Accounts 1966 - 1967::07 December, 1967::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 7 Nollaig, 1967.

Thursday, 7th December, 1967.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas) (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Brioscú, Pádraig de Búrca, Mac Bhloscaidh, Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe, Ó Cionaodha agus Ó Maolmhuaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1966-67.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1966-67.


Lean an Coiste ag scrúdú Míreanna 1 agus 2 den Tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla agus Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Béara (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), S. Ó Mairtín (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), A. Mundow (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), T. Whitaker, S. Ó Muirí agus Máire Bhreathnach (An Roinn Airgeadais) agus An tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 2.20 p.m. go dtí 11 a.m. Dé Céadaoin seo chugainn.