Committee Reports::Interim and Final Reports of the Committee - Appropriation Accounts 1966 - 1967::30 November, 1967::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 30 Samhain, 1967.

Thursday, 30th November, 1967.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Mac Aindriú, Brioscú, Pádraig de Búrca, Mac Bhloscaidh, Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), Ó Cionaodha, Ó Maolmhuaidh agus Mac Raghnaill.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó hÉaluighthe):


“That Deputy Patrick Hogan (South Tipperary) be the Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó hÓgáin i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1966-67.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1966-67.


Scrúdaigh an Coiste Míreanna 1 agus 2 den Tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


Ordaíodh: Go bhfreastalódh P. Ó Béara, Oifigeach Cunta, an Roinn Dlí agus Cirt, i láthair an Choiste seo Déardaoin, 7ú Nollaig, 1967, ar 11 a.m. i Seomra 106, Teach Laighean, i ndáil le scrúdú an Choiste ar mhíreanna 1 agus 2 den Tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar na Cuntais Leithreasa don bhliain dar chríoch 31ú Márta, 1967; agus go gcuirfidh Cléireach an Choiste é sin in iúl don Oifigeach Cunta dá réir sin.


Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Státseirbhise, An Chomhairle Ealaíon, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Deontais Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha. Luach Saothair agus Roinn na Gaeltachta.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. K. Whitaker (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), L. Toacuteiacuten (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), S. Harmain (An Roinn Airgeadais) agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.