Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1964 - 1965::08 June, 1966::Report

TUARASCÁIL EATRAMHACH

Tá dul chun cinn déanta ag an gCoiste sna hábhair a cuireadh faoina bhráid agus chomhaontaigh sé ar an Tuarascáil eatramhach seo a leanas:—


Tuairiscíonn an Coiste gur tharla, i gcaitheamh na bliana dar chríoch 31 Márta, 1965, go ndeachthas faoi chaiteachas de bhreis ar an méid a vótáil an tOireachtas faoi gach ceann de na Vótaí dá luaitear anseo ina dhiaidh seo.


RÁITEAS AR AN mBREIS.

Ráiteas ar na suimeanna is gá a vótáil d’fhonn breis ar gach Vóta acu sin a luaitear a shlánú.


Leathanach sa Chuntas Leithreasa

Uimhir an Vóta

Teideal

An Bhreis a bhí ag Caiteachas ar an Mór-Mheastachán

Farrasbarr na Leithreasaí i gCabhair

An Méid atá le Vótáil

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

 

 

 

£

 

£

2

1

Teaghlachas an Uachtaráin

675

675

3

2

Tithe an Oireachtais

56,864

56,864

5

3

Roinn an Taoisigh

144

144

9

6

Oifig an Aire Airgeadais

45,346

1,825

43,521

47

21

Rátaí ar Mhaoin Rialtais

19,438

3,729

15,709

83

35

An Dánlann Náisiúnta

1,515

74

1,441

Beidh toiliú an Oireachtais ag teastáil i gcás gach ceann de na suimeanna atá leagtha amach i gcolún (6). Is í an chúis atá leis an gcaiteachais breise ar Vótaí 1, 2, 3, 6 agus 21 nárbh fhéidir mar gheall ar lánscor na Dála ar an 18 Márta, 1965, na nósanna imeachta airgeadais i ndáil le meastacháin fhorlíontacha i leith na Vótaí sin a chríochnú. Is mar gheall ar an gcaiteachas a bhain leis an taispeántas a cuireadh ar siúl i ndáil le comóradh céad bliain na Dánlainne Náisiúnta a tharla an caitheachas breise, go formhór, ar Vóta 35.


Ní léir don Choiste aon chúis le nach soláthrófaí na suimeanna sin le vótaí breise.


(Sínithe) DONNCHADH MAC EOIN,


Cathaoirleach.


8 Meitheamh, 1966.