|
TUARASCÁIL DEIRIDHCUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA.MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 4 IÚIL, 1966.1. Fanfaidh an Coiste leis na tuairimí breise ón Aire Airgeadais ar mhíreanna 3 agus 12 de Thuarascáil an Choiste dar dáta 22 Feabhra, 1961; ar mhíreanna 12, 14 agus 34 de Thuarascáil an Choiste dar dáta 12 Samhain, 1964; agus ar mhíreanna 5, 17, 18, 19, 25 agus 30 de Thuarascáil an Choiste dár dáta 10 Márta, 1966. 2. Is cosúil go bhfuil toradh na bhfiosrúchán a rinne coiste roinne maidir le nósanna imeachta a bhaineann le cuntais i mBanc Taisce an Phoist sásúil. Ó nocht an Coiste imní, sa Tuarascáil uaidh dar dáta 22 Feabhra, 1961, is cosúil gur mhaolaigh líon na gcásanna calaoise agus dealraíonn nach gá aon bheart eile a dhéanamh. Ginearálta3. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an moladh a rinne sé go leasófaí Buan-Orduithe Dháil Éireann chun go bhféadfadh an Coiste cuntais comhlachtaí Stát-urraithe a fhaigheann deontas as airgead vótáilte a bhreithniú de réir tuairimí atá faighte ó na Ranna lena mbaineann an scéal. Ó bunaíodh an Coiste um Chuntais Phoiblí níos mó ná daichead bliain ó shoin ní dhearnadh aon leasú ar a théarmaí tagartha, d’ainneoin gur cruthaíodh a lán comhlacht leath-neamhspleácha trí reachtaíocht agus trí ghníomhaíocht riaracháin agus freagracht orthu suimeanna tabhachtacha airgid phoiblí a chaitheamh. An fhreagracht atá ann anois maidir le caiteachas poiblí tháinig sí anuas ón gcéad seo caite nuair a dhéanadh cáinaisnéisí náisiúnta soláthar do na seirbhísí traidisiúnta a riaradh ranna Rialtais a bhí freagrach don Pharlaimint. Tá athrú mór tagtha ar chúrsaí: tá caiteachas poiblí méadaithe go mór, tá gabháil anois ag rialtais le forbairt sóisialta agus forbairt eacnamaíochta, tá forais nua bunaithe a bhfuil cumhachtaí móra acu; ach, seachas an ceangal atá orthu tuarascálacha agus cuntais a thíolacadh do Thithe an Oireachtais, níl na forais nua sin faoin gceangal míniúcháin agus fiosrúcháin atá ar na Oifigigh Cuntasaíochta i Ranna Rialtais faoin gcóras traidisiúnta freagrachta. Is léir gur gá an córas a athbhreithniú agus a leathnú chun freastal do na hathruithe atá tagtha ar chúrsaí rialtais. Mhol an Coiste mar chéad chéim i dTuarascáil an Choiste dar dáta 12 Samhain, 1964, go bhféadfaí cuntais comhlachtaí áirithe a chur faoina bhráid lena scrúdú. Ó rinne sé an tuarascáil sin chuaigh sé i gcomhairle leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus nocht seisean an tuairim nach bhféadfadh a bheith i gcuntais ach treoir chun smacht airgeadais agus chun freagrachta poiblí. Ba dhóigh leis gur phointe tosaigh iad le haghaidh míniúchán agus fiosrúchán, rudaí nach féidir smacht poiblí a oibriú dá n-éagmais. Dúirt sé go ndearna rialtais eile agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile na ceisteanna gabhlánacha a bhaineann leis an scéal a phlé go mion agus gur éirigh le Stáit Aontaithe Mheiriceá, leis an bhFraine agus leis an nGearmáin Thiar réiteach a fháil a mheas sé a bhí ag obair go sásúil. Is é tuairim an Choiste gur mithid staidéar mion a dhéanamh ar an ábhar sin anois, ar a n-áir an nós imeachta i dtíortha eile agus tá súil aige go n-aontóidh an tAire Airgeadais leis sin agus go ndéanfaidh sé socruithe dá réir. Oibreacha agus Foirgnimh Phoibli4. I dTuarascálacha roimhe seo nocht an Coiste a dtuairim ar an gcuma a ndeachthas i mbun ionad traenála don Gharda Síochána a dhéanamh de Bheairic Mhíleata an Teampaill Mhóir a phleanáil, a chur i gcrích agus a rialú ó thaobh airgeadais. Is maith leis a thabhairt dá aire go bhfuil sé beartaithe ag an Aire glacadh mar chóras leis an gconradh cnapshuime, mar a ghlactaí roimhe seo, ach amháin in imthosca fíor-neamhchoitianta. 5. Tugann an Coiste dá aire gur dhiúltaigh na comhlachtaí gairmiúla atá ionadaitheach d’ailtirí, do shuirbhéir chainníochta agus d’innealltóirí sibhialta don mholadh a rinneadh i dtuarascáil roimhe seo gur ceart go bhféadfaí táille do na conarthaí móra a shocrú trí mhargántaíocht. Os rud é gur táillí i gcomhréir leis na costais foirgníochta a éilítear de ghnáth is beag an fonn tíobhais a bhíonn ann, agus is neamhíonadh leis an gCoiste dearcadh na gcomhlachtaí sin. 6. Toisc an fhianaise a tugadh le déanaí is gá tagairt arís don tionscadal sa Teampall Mór. Dealraíonn sé nach bhfuil an linn snámha críochnaithe go sásúil, ach ní léir cé acu droch-dhearadh nó droch-obair is cúis leis sin. Táthar ag coinneáil íocaíochtaí siar ón gconraitheoir nó go ndéanfar fiosrú. Is cúis imní an ní deiridh a tharla, ach fanfaidh an Coiste lena thoradh sula nochtfaidh sé aon tuairim eile. Talmhaíocht7. Ní raibh an Coiste gan eolas i dtaobh na n-imthoscaí neamhghnáthacha ba chúis lena bheith deacair beithígh fhrithghníomhacha a dhíol le linn na Scéime chun Eitinn Bhólachta a Scriosadh. Is maith leis a thabhairt dá aire go ndearnadh, amhail ón 1 Aibreán, 1965, conarthaí chun beithígh fhrithghníomhacha a cheannach a dháileadh ar fhoras tairiscintí comórtais a fuarthas ó ghnóluchtaí cannaithe leith ar leith. Maidir le conarthaí tábhachtacha rialtais a rinneadh gan chomórtas ba cheart i gcónaí cosaintí a bheith ann chun leas an phobail a chaomhnadh. Tugann an Coiste dá aire freisin go dtabharfaidh an tAire aird ar mholadh an Choiste má bhíonn comhartha ar bith ann go dtarlóidh a leithéid de chúinsí arís. Cosaint8. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil laghdaithe go mór ar an méid d’ionstraimí raideacha agus feisteas tarrthála a bhí ar stóras mar gheall ar an méid díobh a tugadh d’údaráis áitiúla, agus nach dóigh leis an Roinn, ag féachaint do chúrsaí mar atá go dtí seo, go bhfuil aon bhaol mór ann go meathfaidh siad nó go rachaidh siad as feidhm. Ba mhaith leis an gCoiste a fhios a fháil cén dul ar aghaidh atá déanta maidir le foireann i gcás gach craoibhe den Chosaint Shibhialta, agus an bhfuiltear ag baint leasa chun críocha traenála as an trealamh a tugadh do na húdaráis áitiúla. Gairmoideachas9. Fanfaidh an Coiste le tuarascáil eile ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoin scrúdú a rinne sé ar chuntais an chaiteachais a bhain le XIIú Comórtas Idirnáisiúnta na bPrintíseach. Sláinte10. Taispeánann an miondealú a soláthraíodh ar fháltais na nUdarás Sláinte in aghaidh na mblianta 1958-59 agus 1963-64 gur mhéadaigh na fáltais sin de £792,500 go dtí £2,963,100, sna sé bliana. I rith na tréimhse céanna mhéadaigh ar an gcaiteachas glan ó thimpeall £16 milliún go dtí timpeall £22 milliún. Tugann an Coiste dá aire freisin ón ráiteas a soláthraíodh, cé gur mhéadaigh íocaíochtaí ó othair i leith costas seirbhísí forais níos mó ná 60 faoin gcéad gur méadú 11 faoin gcéad a tháinig ar íocaíochtaí ón bhfoireann a chónaíonn i bhforais as iostas, béilí, etc. sa tréimhse chéanna. Níltear á mholadh go mbeadh comhréir idir na figiúirí faoin dá mhír sin ach, mar sin féin, ba mhaith leis an gcoiste go gcuirfí in iúl dó an bhfuil méadaithe ar an gcostas a bhaineann le sochar oifige in earraí a sholáthar, agus, má tá, ar aisghabhadh iomlán an chostais bhreise trí na híocaíochtaí ón bhfoireann. Talmhaíocht11. Is eire mór ar an Státchiste fóirdheontais ar leasacháin agus caithfear a áirithiú go ndéanfar socraithe dóthaineacha chun go sroichfidh a dtairbhe iomlán an tomhaltóir. Tugann an Coiste dá aire gur cuireadh a thuairimí faoin scéal, tuairimí a n-aontaíonn an tAire Airgeadais leo, in iúl don Roinn Talmhaíochta. Is dócha go ndéanfaidh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an t-ábhar sin a athbhreithniú go rialta. Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí12. Tugann an Coiste dá aire gur cosúil, de thoradh an scrúdú ar na costais a bhain le trí scéim siltin abhann idirmheánacha a críochnaíodh, gur beag buntáiste a bhaineann le obair faoi chonradh nó le saothar díreach seachas a chéile chun an obair a dhéanamh. Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil faoi thorthaí eacnamaíochta an dá scéim eile faoi chonradh atá ar siúl faoi láthair. 13. I gcás saothair dhírigh atá ar fostú ar Mhór-Scéimeanna Siltin dealraíonn sé gur fiú go mór an córas bónais spreagtha a bheith ann, mar gur laghdaíodh ar an gcostas agus gur sábháladh am dá bharr. Roinn na Gaeltachta14. Tugann an Coiste dá aire ón bhfianaise atá tugtha go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun na tithe gloine a dhiúscairt ar bhain damáiste dóibh de dheasca stoirme agus a ndearnadh tagairt dóibh i dtuarascáil roimhe seo. Ba mhaith leis go gcuirfí in iúl dó cé mar a rachaidh an scéal. 15. Is intuigthe ó nótaí na Roinne ar thuairimí an choiste ar na torthaí a fuair fásóirí trátaí i gConamara i gcomórtas leis an méid a fuarthas i gContae Dhún na nGall go bhfuiltear ag cailleadh spéise i Scéim na dTithe Gloine i gConamara nó, d’eile, nach bhfuil brabach sásúil ar an scéim ansin. Ní beag an chabhair airgid a tugadh ón Státchiste i leith na scéimeanna sin ach ní toradh sásúil atá orthu. CUID II—CUNTAIS FAOI LEITH.An Dánlann Náisiúnta16. Rinneadh tagairt i dTuarascálacha eile do cheist fardal a bheith ann de na pictiúir etc. sa Dánlann Náisiúnta. San fhianaise a thug sé uaidh luaigh Stiúrthóir na Dánlainne Náisiúnta gur mheas sé go mbeadh taifead iomlán aige sul a mbeadh sé féin faoi scrúdú arís ag an gCoiste, gur mheas sé nár dhócha gur goideadh aon phictiúir, ach toisc an trangláil a bhí sa Dánlann go raibh suas le sé mhíle pictiúr ar stóras agus go ndearnadh damáiste do chuid acu. Bhí súil aige go mbeadh fadhb na cóiríochta réitithe an bhliain seo chugainn nuair a bheadh an foirgneamh nua críochnaithe. Idir an dá linn, tá rannóg athchóiriúcháin bunaithe aige chun pictiúir a ndearnadh damáiste dóibh a dheisiú. 17. Nuair a cuireadh ceist air i dtaobh pictiúir a thabhairt ar iasacht d’údaráis lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, chuir an Stiúrthóir ar a súile don Choiste gur ar an Rialtas atá sé a áirithiú nach gcaillfear agus nach ndamáisteofar na pictiúir, fad a fhanfaidh siad sa Dánlann, ach má thugtar pictiúir luachmhara ar iasacht do chomhlachtaí lasmuigh, go gceanglaíonn Rialaitheoirí na Dánlainne iad a chur faoi árachas agus go bhfuil na préimheanna chomh hard sin gur fadhb mór iad do dhaoine a fhaigheann pictiúir ar iasacht. Cé go mothaíonn an Coiste an imní atá ar Rialaitheoirí na Dánlainne go gcoimeádfaí slan ár gcnuasacht uasal náisiúnta pictiúr, braitheann siad gur trua go bhfuil oiread sin díobh gan a bheith ar taispeáint. Tugann sé dá aire go bhfuiltear ag déanamh tuilleadh machnaimh i dtaobh fadhb an árachais agus tá súil aige go mbeidh de thoradh air sin go dtaispeánfar na pictiúir sa Dánlann níos forleitheadúla. Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí18. Tarraingíodh aird ar an socrú a rinne Oifig na nOibreacha Poiblí leis an nGníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta, chun tithe a chur ar fáil do chomhaltaí pósta den Gharda Síochána. Amhail ar an 31 Márta, 1965, bhí 277 teach críochnaithe nó geall le bheith críochnaithe agus bhí 150 teach i gcúrsa a ndéanta. Ní raibh seilbh glactha ag Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí ar aon cheann de na tithe ar an dáta sin, ach dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta i gcúrsa a fhianaise go rabhthas tar éis seilbh a ghlacadh ar 113 teach, faoi Mhí Aibreáin, 1966, chun a gcothabhála agus cuireadh gníomhais teidil seacht gcinn déag isteach chun a scrúdaithe. Gabhann an Coiste orthu go bhfuair an Ghníomhaireacht Foirgníochta Náisiúnta Teoranta teideal dlíthiúil sásúil chun na dtailte agus na dtithe ar ghlac sé seilbh orthu. Is ionadh leis mar sin go bhfuil sé ag glacadh oiread sin ama teideal a aistriú chun na gCoimisinéirí agus ba mhaith leis a fháil amach cén dúbailt ar an obair atáthar a dhéanamh i gcúrsaí dlí agus arbh fhéidir é sin a sheachaint. 19. Sa bhliain 1950 fógraíodh an tOspidéal Ríoga, Cill Mhaighneann, ceann de na foirgnimh tuata is sine in Éirinn, a bheith contúirteach agus fágadh folamh é. Nuair a cinneadh ar é a athchóiriú agus a oiriúnú chun cóiríocht a chur ar fáil don Mhúsaem Náisiúnta, rinneadh conradh ar fhoras ama agus ábhair sa bhliain 1957 don chéad chéim den obair, is é sin deisiúcháin agus críonlobhadh agus réadán san Eite Thuaidh a scriosadh, rud a measadh a chosnódh idir £20,000 agus £40,000 agus go dtógfadh sé timpeall dhá bhliain é a chríochnú. Bhi an obair ar an gcéim sin den tionscadal ar siúl fós ar an 31 Márta, 1965 tráth a raibh £145,000 caite cheana féin, ar a n-áirítear £30,000 ar threalamh neamhmheicniúil—scafaill, cláir, etc. a fhruiliú. Tá obair ar an dara céim arb éard é na trí eile á phleanáil agus sa bhliain 1964 measúnaíodh go gcosnódh an obair uile £500,000. Nuair a bhí Airteagail an Chomhaontaithe don chonradh á dtarraingt suas, shocraigh Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí na rátaí fruilithe le haghaidh scafall, clár, etc. ar an bhforas go dtógfadh sé dhá bhliain an obair a chríochnú. Tá an naoú bliain oibre anoís ann, agus admhaítear go mbeadh sé níos críonna a shocrú go ndéanfaí costas fruilithe aonad a mhaolú nuair a bheifí ag faidiú an ama chun an conradh a chríochnú. Taispeánann an fhianaise freisin gur mó an tsuim a íocadh cheana féin i leith fruilithe ná an méid a chosnódh sé an t-ábhar a cheannach thar barr amach. Luaigh an tOifigeach Cuntasaíochta nach riabh aon tuairim ag na hailtirí nuair a thosaigh siad ar a mhéid a bhí an áit foirgthe le críonlobhadh. Is cuimhin leis an gCoiste cás atá roinnt cosúil leis sin, cás Theach na gCanónach, a ndearnadh tagairt dó i dtuarascálacha an Choiste ar na cuntais do 1954-55 agus 1955-56, cás inar mhéadaigh costas scriosta críonlobhadh ó £3,000, a measadh, suas go dtí figiúir deiridh £57,000. Cé go dtuigeann an Coiste a dheacracht atá sé a bheith cinnte roimh ré cé mhéid atá áit foirgthe ag críonlobhadh gan na foirngnimh a oscailt go hiomlán, mothaíonn an Coiste go mba cheart go mbeadh an chéad chás ina rabhadh do na Coimisinéirí maidir le costas thionscadal Chill Mhaighneann. Is prionsabal bunúsach é go mba cheart fiúntair airgeadais a bheith bunaithe ar mheastacháin réadúla agus lagaítear smacht an Stáit i gcúrsa airgeadais leis an gcleachtadh, a thug an Coiste faoi ndeara, beag-is-fiú a dhéanamh de na suimeanna a chosnóidh rud, agus a bheith ag braith ar vóta iardain le haghaidh na suimeanna breise a mbeidh gá leo. Ni fheadar an Coiste an nglacfaí an obair seo as láimh dá dtuigfí roimh ré an méid a chosnódh an tionscadal. 20. Thóg Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí áitribh i Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath i 1941 chun a n-úsáid mar oifigí do Roinn eile. Rinneadh cuid den fhoirgneamh a fholigean faoi chomhaontú a rinneadh i 1940 agus bhí teideal na gCoimisinéirí faoi réir an fholéasa a shocraigh go n-íocfaí cíos £400 sa bhliain agus rátaí agus cothabháil na taoibhe istigh san áireamh go ceann téarma seacht mbliana mar aon le cead athnuachana ar théarmaí den saghas céanna. Thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi deara i gcúrsa a iniúchta go mba mhó an caiteachas ná an t-ioncam ón ligean, agus, mar fhreagra ar cheist, cuireadh in iúl dó nach bhféadfadh na Coimisinéirí téarmaí nua a fhorchur ar na léasaithe. Thug sé faoi deara freisin go ndearna na léasaithe i 1946 a leas a shannadh le toiliú na gCoimisinéirí agus go raibh de cheart ag na Coimisinéirí agóid a dhéanamh in aghaidh an aistrithe no glacadh leis ar théarmaí athbhreithnithe ach nach ndearna siad sin. Is míshásúil amach is amach an cás é seo, cás a dtáinig caillteanas leanúnach do chistí poiblí dá bharr. Ba mhaith leis an gCoiste a fhios a bheith aige an bhfuil cásanna eile dá shamhail ar rolla cíosa Oifig na nOibreacha Poiblí, nó cásanna a bhaineann le Ranna eile. Rialtas Áitiúil21. Fuair an Coiste amach go raibh seans ann go dtarlódh forluí feidhmeanna idir an Foras Forbartha Teoranta agus an Chomhairle Chomhairleach Foirgníochta Náisiúnta agus go raibh an scéal faoi bhreithniú. Ba mhaith leis go gcuirfí toradh an bhreithnithe in iúl dó. Iompar agus Cumhacht22. Amhail ó 1 Aibreán 1962, tá táille seirbhíse paisinéirí 7s. 6d. iníoctha ag paisinéirí a bhíonn ag dul ar bord chun dul thar lear ag Aerfort na Sionainne, Aerfort Bhaile Átha Cliath nó Aerfort Chorcaí. Is é Aer Lingus Teoranta is mó a bhailíonn an táille, agus nuair a bhíonn an caiteachas bainte as an bhfáltas glan, tugtar don Roinn é. Is mór leis an gCoiste an Costas a bhaineann leis an gCáin Aerfoirt seo, costas a théann ó thimpeall 10 faoin gcéad i 1962-63 go dtí timpeall 7½ faoin gcéad i 1964-65. agus chuir an Coiste ceist nach bhféadfaí an cháin a chorprú i gcostas an ticéid thaistil. Luaigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur chuir na haer-chuideachtaí uile in aghaidh a leithéid de rud, gur cuireadh deireadh leis an gcáin i Sasana agus gur méadaíodh costais thuirlingthe, ach go raibh ar dtáillí tuirlingthe cuíosach ard cheana féin, agus go gcaillfí gnó dá méadófaí iad. Ba mhaith leis an gCoiste sonraí an fhorais a n-áirítear an costas bailiúcháin dá réir a fháil. 23. Faoin mírcheann Luach Saothair Breise deirtear i nóta a ghabhann leis an gcuntas go bhfuair 367 fostaithe suimeanna ó £51 go £913 i leith liúntas freastail bhreise agus dualgais oíche. Sa tuarascáil uaidh dar dáta 12 Samhain, 1964, thug an Coiste dá aire go bhfuair 276 fostaithe suimeanna ó £51 go £538 mar luach saothair breise i rith na bliana 1962-1963 agus dúradh gur tharla cúinsí neamhchoitianta an bhliain sin. Is cúis imní leis an gCoiste a fheiceáil go bhfuil méadú ag teacht go fóill ar bhreis-am ina lán Ranna, d’ainneoin an cháineadh a rinne an Coiste le déanaí ar an méid breis-ama a bhí ann. Ba £1,200 tuarastal bliantúil an oifigigh a fuair £913 breise sa bhliain atá i gceist. Molann an Coiste ar mhaithe le tíobhas agus le héifeachtúlacht go nglacfadh an Roinn Airgeadais uirthi féin suirbhéireacht a dhéanamh ar an méid íocaíochtaí i leith breis-ama agus dualgais bhreise i ngach Roinn. Cosaint24. Nochtar san fhianaise a tugadh don Choiste an cás a bheith anmhíshásúil maidir le maointe Stáit atá á riaradh ag an Roinn Cosanta. Níl clár iomlán ar na maointe atá i seilbh na Roinne ar fáil agus ní raibh aon nós imeachta rialta ann maidir le tuarascálacha siúil. As 300 éigin maoin a bhí le clárú ní dhearnadh taifid ach i 57 cás. Ó am go ham i rith na dtríocha bliain seo caite bhí an Coiste ag áiteamh ar an Roinn beart a dhéanamh chun an obair thábhachtach seo a chríochnú. Taispeánann fianaise an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an ócáid láithreach seo cad atá riachtanach le maoin phoiblí a urrú i gceart i gcoinne sáruithe neamhúdaraithe teidil nó cúngrachtaí neamhrialta. Go deimhin, ní bheadh íontas ar an gCoiste dá mbeadh cúngrachtaí ann nár tugadh chun solais mar gheall ar fhad-mharbhántacht na Roinne. Oifig an tSoláthair25. Éilithe ar £3,421 san iomlán a chuir conraitheoir isteach sna blianta 1960 agus 1961 as obair chlódóireachta do Choimisiún Láimhscríbhinní na hÉireann, ní raibh siad socraithe faoin 31 Márta, 1965. Cuireadh in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste toisc go ndearnadh an obair ar fhoras coinníollacha a socraíodh breis agus fiche bliain ó shoin, go mb’éigin margántaíocht i leith socrú a dhéanamh leis an gconraitheoir. Dealraíonn nach ar an gconraitheoir a bhí an locht i dtaobh na moille ach gur bhain an mhoill le deacrachtaí maidir leis an ábhar a chur ar fáil don chló. Comhaontaíodh faoi théarmaí socraithe le déanaí agus tá súil ag an gCoiste gur gearr go dtabharfaí an scéal chun críche. Oifig na gCoimisinéirí IoncaimCáin Láimhdeachais26. Luaitear i dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go ndearnadh na faisnéisí míosúla de láimhdeachas inchánaithe a fuarthas ó dhaoine cláraithe i leith tréimhsí cuntasaíochta oiriúnacha dar críoch an 31 Deireadh Fómhair, 1964, nó dá éis a shuimiú agus go rabhthas á gcur i gcomórtas leis na figiúirí a thaispeántar i gcuntais bhliantúla chun críocha Cánach Ioncaim. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste conas a bhíothas ag dul ar aghaidh. Tá sé cheantar sna cúigí críochnaithe agus na torthaí seiceálta ag na Cigirí Cánach, beidh an chuid eile de na ceantair seo críochnaithe sa bhliain reatha agus tosófar ar an obair sna ceantair i mBaile Átha Cliath. Tuairiscíodh sé chás is daichead le haghaidh ionchúisimh, tá fiche cás acu seo críochnaithe sna cúirteanna dlí, agus pionóis forchurtha. Rachfar ar aghaidh go leanúnach leis an gcros-sheiceáil agus ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil ar cad a tharlóidh. Tionscal agus Tráchtáil27. Eisíodh Deontas i gCabhair £58,000, i mbliana don Choiste Táirgiúlachta Náisiúnta. Seo ceann de shraith deontas a dhéantar as airgead vótáilte chun táirgiúlacht a fheabhsú. Íoctar deontais Cabhrach Teicniúla díreach as an Vóta Tionscail agus Tráchtála i leith chostas scéimeanna comhairliúcháin tionscail chun éifeachtúlacht táirgiúlachta a chur chun cinn, agus i leith cúrsaí traenála agus cuairteanna thar lear chun staidéar a dhéanamh ar ghnéithe d’eagraíocht thionscail. Cuirtear cúnamh den sórt céanna le haghaidh tionscal talmhaíochta ar fáil as Vóta Talmhaíochta agus le haghaidh feabhas a chur ar éifeachtúlacht i gcúrsaí breosla sa Vóta Iompair agus Cumhachta. Mar bhreis leis sin tugann an Foras Tionscal agus Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna cabhair airgid chun oibrithe a thraenáil, agus cuireann Córas Tráchtála deontais ar fáil chun taighde margaíochta onnmhairithe a dhéanamh agus i leith tionscadal comhairliúcháin. Ghlac an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste as láimh scrúdú a dhéanamh féachaint a raibh feidhmeanna á ndúbailt agus iarrachtaí forluiteacha ar siúl ag na comhlachtaí a bhí i gceist. Deir sé ina thuarascáil maidir le cuntais na gcomhlachtaí iomaí a tháinig faoi athbhreithniú aige, gur deimhin leis nár thug níos mó ná gníomhaireacht amháin cúnamh airgeadais i leith na scéime céanna ach i gcás an Choiste Táirgiúlachta Náisiúnta ní heisean a rinne na cuntais a iniúchadh agus dá bhrí sin ní fhéadfadh sé deimhniú den sort céanna a thabhairt sa chás sin. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Choiste feidhmeanna na gcomhlachtaí iomaí a bhain le feabhsú táirgiúlachta agus a bhí ag obair faoi choimirce a Roinne. Níor dhóigh leis gur dhócha go dtarlódh forluit cacht ach bhí baol ann go rachadh cuid acu lasmuigh dá bhfeidhmeanna agus dhéanfaidh sé beart chun na tuairimí a bhí nochta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chur ar a súile go speisialta don Choiste Táirgiúlachta Náisiúnta. Tá súil ag an gCoiste go gcoimeádfar faoi athbhreithniú an cheist ghinearálta faoi fhorluiteacht feidhmeanna idir na leath-chomhlachtaí stáit iomadúla a bhíonn ag oibriú maidir le cúrsaí táirgiúlachta. Talmhaíocht28. Cheannaigh an Roinn beithígh Charolais san Fhraine agus beithígh Fhreaslannacha agus caoirigh Texel san Ollainn le haghaidh síolrú. Tá ar áireamh sa mhuirear ar an vóta £60,000 a caitheadh ag ceannach, ar allmhairiú, agus ar árachas, agus ar cothabháil le linn coraintín. Bhí ceithre cinn de na daichead a trí beithíoch a ceannaíodh ar theip orthu sa tastáil Purbright atá ordaithe ag Roinn Talmhaíochta na Breataine agus a cuireadh orthu i Rotterdam le linn na tréimshe coraintín, cé gur go raibh na hainmhithe sin go léir glan de réir na tástála Eorpaí a cuireadh orthu ar na feirmeacha ar ar ceannaíodh iad. Go deimhin, ní raibh fianaise go raibh galar crúb is béil ar na hainmhithe sin nó ag teacht orthu ach, le bheith cinnte dá gnó, chuir an Roinn ó láimh iad agus chaill sí £1,650 leo. Dhiúltaigh na hárachóirí glacadh le dliteanas mar nach raibh aon fhianaise ar ghalar a bheith ar na hainmhithe, agus cuireadh in iúl don Choiste go raibh fiosrú á dhéanamh féachaint an bhféadfaí árachú in aghaidh fiontair nach n-éireodh le hainmhithe i dtastáil Purbright. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí toradh an fhiosraithe sin in iúl dó. (Sínithe) DONNCHADH MAC EOIN, Cathaoirleach. 17 Samhain, 1966. |
||||||||||||