Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1964 - 1965::08 June, 1966::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

27 Aibreán, 1966:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 127 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh.


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcóir na bliana dar chríoch 31 Márta, 1965, a chur chun an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


11 Bealtaine, 1966:—Ainmníodh dá réir sin Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Dáibhéid Mac Aindriú, Beircheart Brioscú, Pádraig de Búrca, Pádraig Ó Broin, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Aguistín Ó hÉaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), Donnchadh Mac Eoin, Éinrí Ó Cionaodha, Roibeard Ó Maolmhuaidh, Seán Ó Conaill agus Seán Ó Treasaigh.