Committee Reports::Report and Proceedings - Institute of Chartered Accountants in Ireland (Charter Amendment) Bill, 1965 [Private]::05 May, 1966::Report

TUARASCÁIL.

1. Tuairiscíonn an Coiste gur scrúdaigh sé Réamhrá an Bhille agus chun é a chur ar aon dul le forálacha an Bhille gur leasaigh sé é trí na míreanna seo a leanas a chur isteach:—


“AND WHEREAS to remove doubts it is desired to provide that the whole of the Council of the Institute need not retire at the annual general meeting of the Institute in each year and to enable ex officio members of the Council to be appointed:


AND WHEREAS it is expedient that the other provisions in this Act contained should be enacted:”.


Chinn sé gur cruthaíodh chun a shástachta na líomhaintí atá sa Réamhrá arna leasú.


2. Ghabh an Coiste tríd an mBille agus rinne sé leasú ar a dhréachtú.


3. Nuair a bhí an Coiste ag gabháil tríd an mBille bhí tuarascálacha ón Roinn Airgeadais agus ón Roinn Dlí agus Cirt faoina bhráid agus breithníodh iad.


Níorbh inghlactha leis an gCoiste an moladh a rinne an Roinn Airgeadais go ndéanfaí alt 6 a leasú chun go dtagródh sé d’Aire in ionad tagairt don Rialtas, mar braitheann an Coiste gurb é an Rialtas an t-údarás cuí. Cé go n-aontaíonn sé gur mar a luaigh an Roinn atá cúrsaí reachtúla maidir le fodhlíthe a cheadú, is dóigh leis mar sin féin gur ceart an t-alt a choinneál sa Bhille seo ionas go gcuirfí deireadh le haon amhras faoina bheith riachtanach toiliú an Rialtais a fháil le fodhlíthe a dhéanfar faoi alt 2.


Thug an Coiste éifeacht do na moltaí a rinne an Roinn Dlí agus Cirt i dtaobh an Réamhrá agus alt 3 ach níor thug sé éifeacht do mholadh na Roinne sin go gcuirfí alt 5 (2) ar aon dul le halt 2 (2). Leagadh amach an fógra a cheanglaítear a thabhairt le fo-alt 2 (2) ar shlí go mbeadh sé ag teacht le forálacha Acht na gCuideachtaí, 1963, maidir le rúin speisialta, ach leagadh amach alt 5 (2) ag féachaint do na fodhlíthe atá ann faoi láthair á cheangal go gcaithfear i bhfógra faoi chruinniú speisialta an gnó speisialta a bheidh le déanamh ann a lua.


(Sínithe) GEARÓID SUATMAN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


5 Bealtaine, 1966.