Committee Reports::Report and Proceedings - Institute of Chartered Accountants in Ireland (Charter Amendment) Bill, 1965 [Private]::04 May, 1966::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOMHCHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 4 Bealtaine, 1966.

Wednesday, 4th May, 1966.

1. Chruinnigh an Coiste ar 10.30 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Suatman (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, de Valéra agus Ó Neachtain; an Seanadóir Sheldon.


3. Láithriú thar ceann na dTionscnóirí.


Láithrigh Raymond O’Neill, A.S., Owen Keane, B.L., agus Messrs. Whitney, Moore & Keller, Gníomhairí Parlaiminte, thar ceann na dTionscnóirí, Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn.


4. Tuarascálacha ar an mBille.


Léadh tuarascálacha ón Roinn Airgeadais agus ón Roinn Dlí agus Cirt.


5. Tacaíocht leis an Réamhrá.


Éisteadh Raymond O’Neill, A.S., agus Owen Keane, B.L., ag tacú le Réamhrá an Bhille agus ghlaodar finnéithe.


6. Ceistiú Finnéithe.


Rinneadh Howard W. Robinson, Uachtarán Institiúid na gCuntasoirí Cairte in Éirinn agus Colin E. Polden, Rúnaí na hInstitiúide, a chur faoi mhionn agus a cheistiú.


Folmhaíodh an seomra.


7. Rinne an Coiste breithniú.


8. Miontuairiscí ar an bhFianaise.


Ordaíodh: Gan an fhianaise a chlóbhualadh, de bhun Buan-Ordú 80 (Gnó Príobháideach).


9. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí 10.45 a.m. amárach.