Committee Reports::Report and Proceedings - Institute of Chartered Accountants in Ireland (Charter Amendment) Bill, 1965 [Private]::05 May, 1966::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

4 Lúnasa, 1965:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn (Leasú Cairte), 1965, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairtear Acht do leasú na Cairte faoina bhfuil Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn corpraithe d’fhonn forálacha na Cairte a athrú maidir le daoine a ghlacadh in ánracht, leis an gcruinniú ginearálta bliantúil agus le ceapadh chomhairle agus rúnaí na hInstitiúide agus do thabhairt cumhachta don Institiúid dioplómaí, deimhnithe agus dámhachtaintí a dheonú nó dul i gcomhar le comhlachtaí eile den tsamhail chéanna maidir lena ndeonú agus chun críocha eile a bhaineann leis an Institiúid.


27 Deireadh Fómhair, 1965:— Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun an Bille um Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn (Leasú Cairte), 1965, a bhreithniú.


10 Samhain, 1965:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Seán Ó Coigligh, Eoin Ó Riain agus Liam Sheldon.


10 Samhain, 1965:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.


DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

20 Deireadh Fómhair, 1965:— Beartaíodh: Go gcomhthoilíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 4ú lá de Lúnasa, 1965, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn (Leasú Cairte), 1965, a bhreithniú.


28 Deireadh Fómhair, 1965:— Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste atá ceaptha ag Seanad Éireann chun an Bille um Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn (Leasú Cairte), 1965, a bhreithniú.


11 Samhain, 1965:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:—Dáithí Mac Aindriú, Vivion de Valéra agus Pádraig Ó Neachtain.


11 Samhain, 1965:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.