Committee Reports::Report - Huguenot Cemetery Dublin (Peter Street) Bill, 1965 [Private]::04 March, 1966::Report

TUARASCÁIL.

1. Tuairiscíonn an Comhchoiste gur scrúdaigh sé Réamhrá an Bhille agus gur chinn sé gur cruthaíodh chun a shástachta na líomhaintí atá ann.


2. Ghabh an Coiste tríd an mBille agus rinne sé leasuithe ar alt 3 chun a áirithiú (a) go ndéanfar an cheapach a bheartaítear a fháil faoi mhír 4 (a) den togra atá leagtha amach sa Sceideal a choisreacan de réir dheasghnátha Eaglais Leasaithe na Fraince, (b) go ndéanfar roinnt áirithe corp a athadhlacadh sa cheapach sin de réir dheasghnátha Eaglais Leasaithe na Fraince a dúradh, (c) go ndéanfar buanchúram den cheapach agus (d) go ndéanfaidh oifigeach do Bhardas Bhaile Átha Cliath maoirseacht ar dhí-adhlacadh corp agus i gcás athadhlacadh corp go ndéanfaidh oifigeach don údarás sláintíochta a bhfuil an áit athadhlactha ina limistéar feidhmiúcháin an mhaoirseacht.


3. Nuair a bhí an Coiste ag gabháil tríd an mBille bhí tuarascálacha ón Roinn Rialtais Áitiúil agus ó Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn faoina bhráid agus bhreithnigh sé iad. Thug an Coiste éifeacht do na moltaí atá sna tuarascálacha sin.


(Sínithe) W. A. W. SHELDON,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


4 Márta, 1966.