Committee Reports::Report - Huguenot Cemetery Dublin (Peter Street) Bill, 1965 [Private]::04 March, 1966::Orders of Reference

SÉÁNAD ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

3 Márta, 1965:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Reilig na nÚgóineach Baille Átha Cliath (Sráid Pheadair), 1965, a bhreithniú, eadhon, Bille dá ngairtear Acht do dhéanamh socrú chun an reilig do Phrotastúnaigh Fhrancacha, dá ngairtear go coitianta Reilig na nÚgóineach, atá i Sráid Pheadair i bparóiste Naomh Peadar agus i gcathair Bhaile Átha Cliath, a dhúnadh, do dhéanamh socrú chun an reilig sin a dhílsiú do W. and R. Jacob & Co., Limited, agus do dhéanamh socrú le haghaidh nithe eile a bhaineann leis na nithe réamhráite.


10 Márta, 1965:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann chun an Bille um Reilig na nÚgóineach Baile Átha Cliath (Sráid Pheadair), 1965, a bhreithniú.


7 Iúil, 1965:—Beartaíodh: Go bhfuil sé oiriúnach go ndéanfaí an Bille um Reilig na nÚgóineach Baile Átha Cliath (Sráid Pheadair), 1965, a thit ar lár agus, roimh thitim ar lár dó, a bhí arna chur faoi bhráid Comhchoiste, a athbheochan agus go rachfaí ar aghaidh leis ar an gcéim sin.


14 Iúil, 1965:—Beartaíodh: Go ndéanfaí an Bille um Reilig na nÚgóineach Baile Átha Cliath (Sráid Pheadair), 1965, a thit ar lár agus, roimh thitim ar lár dó, a bhí arna chur faoi bhráid Comhchoiste, a athbheochan agus go rachfaí ar aghaidh leis ar an gcéim sin.


28 Iúil, 1965:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:— Seán de Nais, Seán Ó Coigligh agus Liam Sheldon.


28 Iúil, 1965:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.


DÁIL ÉIREANN.

ORDUITHE TAGARTHA.

9 Márta, 1965:—Beartaíodh: Go gcomhthoilíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 3ú lá de Mhárta, 1965, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste den dá Theach a cheapadh chun an Bille um Reilig na nÚgóineach Baile Átha Cliath (Sráid Pheadair), 1965 a bhreithniú.


11 Márta, 1965:—Ordaíodh: Go gceapfar Roghchoiste a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste atá ceaptha ag Seanad Éireann chun an Bille um Reilig na nÚgóineach Baile Átha Cliath (Sráid Pheadair), 1965 a bhreithniú.


8 Iúil, 1965:—Beartaíodh: Go gcomhthoilíonn Dáil Éireann le Seanad Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Dháil Éireann an 7ú lá d’Iúil, 1965, go bhfuil sé oiriúnach go ndéanfaí an Bille um Reilig na nÚgóineach Baile Átha Cliath (Sráid Pheadair), 1965, a thit ar lár agus, roimh thitim ar lár dó, a bhí arna chur faoi bhráid Comhchoiste, a athbheochan agus go rachfaí ar aghaidh leis ar an gcéim sin.


15 Iúil, 1965:—Beartaíodh: Go ndéanfaí an Bille um Reilig na nÚgóineach Baile Átha Cliath (Sráid Pheadair), 1965, a thit ar lár agus, roimh thitim ar lár dó, a bhí arna chur faoi bhráid Comhchoiste, a athbheochan agus go rachfaí ar aghaidh leis ar an gcéim sin.


21 Iúil, 1965:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:— Lionel Booth, Vivion de Valera agus Donncha Ó Lorcáin.


21 Iúil, 1965:—Ceapadh Cathaoirleach don Chomhchoiste:—An Teachta Gearóid Suatman.