Committee Reports::Report - Huguenot Cemetery Dublin (Peter Street) Bill, 1965 [Private]::04 October, 1965::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOMHCHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Dé Luain, 4 Deireadh Fómhair, 1965.

Monday, 4th October, 1965.

1. Chruinnigh an Coiste ar 2 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Suatman (i gCeannas), an Teachta Ó Lorcáin, na Seanadóirí de Nais, Ó Coigligh agus Sheldon.


3. Láithriú thar ceann na dTionscnóirí.


Láithrigh W.R.C. Parke, S.C., Brian McCracken, B.L., agus Messrs. Moore, Keily and Lloyd, Gníomhairí Parlaiminte, thar ceann na dTionscnóirí, Iontaobhaithe Chiste na nÚgóineach Francach.


4. Láithriú thar ceann an Achainígh.


Láithrigh Herbert R. McWilliam, B.L. agus Messrs. McMahon and Tweedy, Gníomhairí Parlaiminte, thar ceann an Achainígh, William Percival Le Clerc.


5. Tuarascálacha ar an m Bille.


Léadh tuarascálacha ón Roinn Rialtais Áitiúil agus ó Choimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla d’Éirinn.


6. Tacaíocht leis an Réamhrá.


Éisteadh W. R. C. Parke, S.C., agus Brian McCracken, B.L., ag tacú le Réamhrá an Bhille agus ghlaodar finnéithe.


7. Ceistiú Finnéithe.


Rinneadh Francis La Touche Godfrey, F.T.C.D., Cathaoirleach Iontaobhaithe Chiste na nÚgóineach Francach, agus an Captaen James Chaigneau Colvill, Iontaobhaí, a chur faoi mhionn agus a cheistiú.


8. An Suí ar Fionraí.


Chuir an Coiste an cruinniú ar fionraí ar 4.50 p.m.


Athchromadh ar an gcruinniú ar 5 p.m.


9. Ceistiú Finnéithe.


Rinneadh Ashley Powell, S.C., Iontaobhaí; Mrs. Mildred May Empey, Rúnaí do na hIontaobhaithe; agus Jeffrey B. Jenkins, Stiúrthóir Messrs. W. and R. Jacob & Co. Ltd., a chur faoi mhionn agus a cheistiú.


10. Tacaíocht leis an Achainí.


Ghlaoigh Herbert R. McWilliam, B.L., finnéithe ag tacú leis an Achainí i gcoinne an Bhille.


11. Ceistiú Finnéithe.


Rinneadh William Percival Le Clerc, Achainíoch; David Claude Cecil Mercier, Úgóineach, agus Henry Aimers Wheeler, saineolaí ar reiligí, a chur faoi mhionn agus a cheistiú.


12. An Suí ar Fionraí.


Chuir an Coiste an cruinniú ar fionraí ar 6.45 p.m.


Athchromadh ar an gcruinniú ar 8 p.m.


13. Tacaíocht leis an Achainí.


Éisteadh Herbert R. McWilliam, B.L., ag tacú leis an Achainí i gcoinne an Bhille.


14. Tacaíocht leis an Réamhrá.


Éisteadh óráid chríche ó W. R. C. Parke, S.C., ag tacú le Réamhrá an Bhille.


15. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 9.55 p.m. sine die.