Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1964 - 1965::30 June, 1966::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin 30 Meitheamh, 1966

Thursday 30th June, 1966

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Brioscú, Pádraig de Búrca, Pádraig Ó Broin, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe agus Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas).


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1964-65.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1964-65. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Tionscal agus Tráchtáil, Leas Sóisialach. Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachas, Méanoideachas, Ceardoideachas, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, Ollscoileanna agus Coláistí agus Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Mac Cárthaigh (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), L. Ó hUanacháin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), An Dr. T. Ó Raifeartaigh (Rúnaí, An Roinn Oideachais), S. de Faoite agus P. Mac Guill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.20 p.m. go dtí 2 p.m. Dé Máirt seo chugainn.