Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1964 - 1965::05 July, 1966::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Máirt 5 Iúil, 1966.

Tuesday 5th July, 1966.

1. Chruinnigh an Coiste ar 2 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Brioscú, Pádraig de Búrca, Pádraig Ó Broin, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe, Padraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), Ó Cionaodha agus Ó Maolmhuaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1964-65.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1964-65. Tosaíodh ar bhreithniú an Chuntais seo a leanas:—


Talmhaíocht.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó hÉaluighthe):


“That Deputy Hogan be the Chairman of the Committee until the return of the Chairman.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó hÓgáin i gCeannas dá réir sin.


5. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1964-65.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1964-65.


Chuaigh an Teachta Mac Eoin i gCeannas arís.


Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Talmhaíocht, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, na Cúirteanna Breithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas, Tailte, Foraoiseacht, Iascach agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. de Nógla (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), P. Ó Béara (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirl), T. Ó Briain (Rúnaí, An Roinn Tailte), K. Foghlaeir (Rúnaí agus Stiúrthóir na h Iniúchóireachta), P. Mac Guill (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.35 p.m.