Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1964 - 1965::23 June, 1966::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin 23 Meitheamh, 1966

Thursday 23rd June, 1966

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Brioscú, Pádraig de Búrca, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), Ó Cionaodha, agus ÓMaolmhuaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1964-65.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1964-65. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta agus Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Pádraig de Búrca):


“That Deputy Hogan be the Chairman of the Committee for the remainder of the meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh An Teachta Ó hÓgáin i gCeannas dá réir sin.


5. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1964-65.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1964-65. Críochnaíodh an Cuntas seo a leanas:—


Roinn na Gaeltachta.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh A. Mac Canna (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), S. Réamonn (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim), L. Toacute iacuten, (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), S. de Faoite (An Roinn Airgeadais), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


7. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.30 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.