Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1964 - 1965::16 June, 1966::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin 16 Meitheamh, 1966

Thursday 16th June, 1966

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Brioscú, Padraig de Búrca, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), Ó Cionaodha agus Ó Maolmhuaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1964-65.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1964-65. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Iompar agus Cumhacht, Cosaint, Arm-Phinsin, Oifig an tSoláthair, Sláinte agus An Phríomh-Oispidéal Meabhair-Ghalar.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh Thekla Becre (Rúnaí, An Roinn Iompair agus Cumhachta), S. Ó Cearnaigh (Rúnaí, An Roinn Cosanta), B. Ó Brolcháin (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), P. S. Ó Muireadhaigh (Rúnaí, An Roinn Sláinte), C. Ó Broin, S. de Faoite agus Máire Bhreathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.15 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.