Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1964 - 1965::08 June, 1966::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin 8 Meitheamh, 1966

Wednesday 8th June, 1966

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Mac Aindriú, Brioscú, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe) Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), agus Ó Maolmhuaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1964-65.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1964-65. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin (Vóta Barrachais), Tithe an Oireachtais (Vóta Barrachais), Roinn an Taoisigh (Vóta Barrachais), Oifig an Aire Airgeadais (Vóta Barrachais), Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Státseirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Deontais Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha, Luach Saothair, Méadú ar Phinsin, Ciste na nIasachtaí Áitiúla, Rialtas Áitiúil agus Poist agus Telegrafa.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. K. Whitaker (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), S. Ó Gairbhín (Rúnaí, An Roinn Rialtais Áitiúil), L Ó Broin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), S. Ó Faolaín (An Roinn Airgeadais) agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Tuarascáil Eatramhach an Choiste.


Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil Eatramhach faoi bhráid an Choiste chun a breithnithe.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil Eatramhach.


Ordaíodh: Tuairisc dá réir sin a thabhairt don Dáil.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.20 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin, 16 Meitheamh, 1966.