Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments [7]::13 July, 1966::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 13 Iúil, 1966.

Wednesday, 13th July, 1966.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Ó Cruadhlaoich, Mac Domhnaill, Ó Maoil Eoin agus Eoin Ó Riain.


3. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an daichead is cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


Rialacháin na Suimitheoirí (Ilbheart), 1966 [I.R. Uimh. 7 de 1966].


Na Rialacháin um Dhíolacháin Phoiblí Cúnna, 1966 [I.R. Uimh. 76 de 1966].


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Suimitheoir) (Dé-Dhúbailt), 1966 [I.R. Uimh. 89 de 1966].


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Suimitheoir) (Réamhamas Trianach Quinella), 1966 [I.R. Uimh. 90 de 1966].


An tOrdú fán Ordú Pá Talmhaíochta (Rátai Íosta), 1965 (Cúlghairm), 1966 [I.R. Uimh. 102 de 1966].


An tOrdú Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta), 1966 [I.R. Uimh. 103 de 1966].


Na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Costais Taistil agus Liúntais agus Costais Chothabhála d’Oifigigh) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 126 de 1966].


An tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 (Tosach Feidhme), 1966 [I.R. Uimh. 119 de 1966].


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Limistéar atá le Glanadh) (Forálacha Ginearálta), 1966 [I.R. Uimh. 120 de 1966].


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Limistéar atá le Glanadh a Dhearbhú agus Gluaiseacht a Rialú), 1966 [I.R. Uimh. 121 de 1966].


An tOrdú um Pá an Gharda Síochána (Uimh. 2), 1966 [I.R. Uimh. 92 de 1966].


An tOrdú um Shiopaí Gruagaireachta (Uaire Trádála ar Laethanta Seachtaine) (Dún Dealgan), 1966.


An tOrdú um Shiopaí Éadaí agus Coisbhirt (Uaire Trádála ar Laethanta Seachtaine) (Áth Luain), 1966.


Na Rialacháin um Sheirbhísí Máithreachais agus Sláinte Leanaí (Leasú) (Uimh. 2), 1966 [I.R. Uimh. 105 de 1966].


An tOrdú um Bord Ospidéal Chorcaí (Bunú), 1966 [I.R. Uimh. 133 de 1966].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (An Dara Tréimhse Fostaíochta), 1966 [I.R. Uimh. 118 de 1966].


An tOrdú um Fheithiclí Inneallghluaiste (Cúrsaíocht Idirnáisiúnta) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 99 de 1966].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae Cheatharlach), 1966 [I.R. Uimh. 127 de 1966].


An tOrdú fán Acht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961 (Tobhach ar Im), 1966 [I.R. Uimh. 124 de 1966].


Na Rialacháin fán Acht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961 (Foirm um Thobhach ar Im), 1966 [I.R. Uimh. 137 de 1966].


An tOrdú um Tháirgí Bainne (Allmhairiú a Rialú), 1966 [I.R. Uimh. 149 de 1966].


An tOrdú fán Acht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935 (Ailt 24 agus 29) (Fionraí), 1966 [I.R. Uimh. 150 de 1966].


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Praghsanna Íosta ar Bhainne), 1966 [I.R. Uimh. 122 de 1966].


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Chorcaí (Praghsanna Íosta ar Bhainne), 1966 [I.R. Uimh. 123 de 1966].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na Málaí Páipéir) (Eisiamh), 1965 [I.R. Uimh. 247 de 1965].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Boinn Chúitiúic) (Eisiamh), 1965 [I.R. Uimh. 259 de 1965].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Rollaí Leithris) (Eisiamh), 1965 [I.R. Uimh. 259 de 1965].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Múnlú Plaisteach) (Uimh. 2) (Eisiamh), 1966 [I.R. Uimh. 20 de 1966].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na gComhpháirteanna Leictreonacha) (Eisiamh), 1966 [I.R. Uimh. 29 de 1966].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal na gComhpháirteanna Leictreonacha) (Eisiamh), 1966 [I.R. Uimh. 81 de 1966].


Rialacháin na bPinsean (Méadú), 1966 [I.R. Uimh. 4 de 1966].


Rialacháin na bPinsean (Méadú) (Uimh. 2), 1966 [I.R. Uimh. 147 de 1966].


Na Rialacháin Aoisliúntais (Poist Ghairmiúla a Shonrú), 1966.


Scéim Aoisliúntais na Meánmhúinteoirí (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 125 de 1966].


An tOrdú um Praghsanna Uasta (Deochanna Meisciúla agus Deochanna Neamhalcólacha), 1966 [I.R. Uimh. 131 de 1966].


An tOrdú um Praghsanna Uasta (Deochanna Meisciúla agus Deochanna Neamhalcólacha) (Uimh.2), 1966 [I.R. Uimh. 136 de 1966].


Orduithe d’Fhorchur Dleachtanna (Táirgí Iarainn agus Cruach), 1966 [I.R. Uimh. 152 de 1966].


Orduithe d’Fhorchur Dleachtanna (Fionraíochtaí Ilghnéitheacha), 1966 [I.R. Uimh. 153 de 1966].


An tOrdú um Ábhair Bheatha (Srian le hOnnmhairiú), 1966 [I.R. Uimh. 138 de 1966].


An tOrdú fán Ordú um Tháirgí Talmhaíochta (Srian le hOnnmhairiú), 1953 (Leasú), 1966 [I.R. Uimh 140 de 1966].


An tOrdú um an Acht Toradh Talmhaíochta (Arbhar), 1938 (Alt 10) (Díolúine), 1966 [I.R. Uimh. 141 de 1966].


An tOrdú Torthaí (Allmhairiú a Rialú), 1966 [I.R. Uimh. 143 de 1966].


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1966.


Barántas Leasaithe an Phoist Choigríche (Uimh. 8), 1966 [I.R. Uimh. 253 de 1966].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar Bhanc Ceannais na hÉireann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Banc Ceannais na hÉireann. Scéim Aoisliúntais Leasaitheach, 1966.


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.15 p.m.