|
IMEACHTAÍ AN CHOISTETHE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.Dé Céadaoin, 22 Meitheamh, 1966.Wednesday, 22nd June, 1966.1. Chruinnigh an Coiste at 4.30 p.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:— An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Ó Cruadhlaoich, Ó Maoil Eoin agus Eoin Ó Riain. 3. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla. Tar éis an daichead is cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:— (i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:— Na Rialacháin um an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 (Ilghnéitheach agus Ceadúnú), 1966 [I.R. Uimh. 72 de 1966]. Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Tiománaithe a Cheadúnú) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 47 de 1966]. An tOrdú um Fheithiclí Bóthair (Clárú agus Ceadúnú) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 13 de 1966]. Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Luasteorainneacha) (Contae-Bhuirg Luimnigh), 1966 [I.R. Uimh. 80 de 1966]. Rialacháin Óglaigh na hÉireann:— —Pá agus Liúntais (Na Buan-Óglaigh) R.Ó.É. S.3—Leasuithe. Leasú Uimh. 246. Rialacháin Óglaigh na hÉireann:— —Pá agus Liúntais (Na Buan-Óglaigh). R.Ó.É. S.3—Leasuithe. Leasú Uimh. 248. Na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 75 de 1966]. Ordú na nEachtrannach (Leasú), 1966. [I.R. Uimh. 12 de 1966]. An tOrdú um Pá an Gharda Síochána, 1966 [I.R. Uimh. 88 de 1966]. Ordú na mBannaí Talún, 1966. [I.R. Uimh. 18 de 1966]. Na Rialacháin um Rialú Iomlaoide, 1966 [I.R. Uimh. 11 de 1966]. An tOrdú um Thoghlimistéir Chontae-Bhuirg Chorcaí, 1965 [I.R. Uimh. 249 de 1965]. An tOrdú um an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 (Leasú ar an Sceideal) (Uimh. 2), 1965 [Dréacht]. An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath), 1966 [I.R. Uimh. 85 de 1966]. An tOrdú Staidrimh (Daonáireamh), 1966. Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Míchumais, Dífhostaíochta agus Pósta) (Leasú) (Uimh. 3), 1965 [I.R. Uimh. 229 de 1965]. Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 258 de 1965]. An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Limistéir Shonraithe), 1965 [I.R. Uimh. 236 de 1965]. An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Tréimhse Fostaíochta), 1966 [I.R. Uimh. 49 de 1966]. An tOrdú um an gComhlacht Comhairlitheach i dTaobh Praghsanna (Grúdaireacht), 1965 [I.R. Uimh. 265 de 1965]. An tOrdú um Praghsanna a Chobhsú (Feidhmchoimeád), 1966 [I.R. Uimh. 73 de 1966]. An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú, 1966 [I.R. Uimh. 33 de 1966]. An tOrdú um Shrianadh Allmhairí (Earraí ón Róidéis Theas), 1966 [I.R. Uimh. 10 de 1966]. Na Rialacháin Aerfoirt Neamh-Chustam (Réim Dlíthe a Leathnú), 1966 [I.R. Uimh. 50 de 1966]. Na Rialacháin Aerfoirt Neamh-Chustam (Réim Dlíthe a Leathnú) (Uimh. 4), 1965 [I.R. Uimh. 271 de 1965]. Orduithe d’Fhorchur Dleachtanna:— —Táirgí Iarainn agus Cruach (Uimh. 2), 1965 [I.R. Uimh. 267 de 1965]. Orduithe d’Fhorchur Dleachtanna:— —Innealra Talmhaíochta, 1966 [I.R. Uimh. 41 de 1966]. —Cré-Earraí Sláintíochta, 1966 [I.R. Uimh. 42 de 1966]. Orduithe d’Fhorchur Dleachtanna:— —Cláir Smúdála Adhmaid, 1966 [I.R. Uimh. 60 de 1966]. Rialacháin na bPaitinní, 1965 [I.R. Uimh. 268 de 1965]. Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Deimhnithe um Vacsaíniú in aghaidh na Bolgaí), 1966 [I.R. Uimh. 23 de 1966]. Na Rialacháin Chóireála Meabhair Ghalar (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 68 de 1966]. Na Rialacháin um Sheirbhísí Ginearálta Forais agus Sainliachta (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 69 de 1966]. Na Rialacháin um Sheirbhísí Máithreachais agus Sláinte Leanaí (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 70 de 1966]. Na Rialacháin um Theaghlaigh do Dhaoine Éagumasaithe, 1966 [I.R. Uimh. 44 de 1966]. An tOrdú fán Ordú um Ospidéal Déadliachta Bhaile Átha Cliath (Bunú), 1963, (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 3 de 1966]. An tOrdú um Ordú Díola Plandaí Easlána (Éirinn), 1922 (an Tríú Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 1 de 1966]. Na Rialacháin Bheostoic (Inseamnú Saorga) (Muca), 1965 [I.R. Uimh. 255 de 1965]. An tOrdú um an Acht Táirgí Talmhaíochta agus Iascaigh (Onnmhuiriú a Rialú), 1947 (Onnmhairiú Bradán agus Breac), 1966 [I.R. Uimh. 86 de 1966]. Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Duánacht ar an Fhachain agus ar an Ruadh), 1966. Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Líontóireacht a Rialú), 1966. Na Rialacháin um Limistéar an Fheabhail (Údarú Duánachta ar an Fheabhail), 1966. Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1965 [I.R. Uimh. 5 de 1966]. Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1966 [I.R. Uimh. 66 de 1966]. (ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir leis an ionstraim seo a leanas, ar an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:— An tOrdú um Péist Eascainne Gas agus Bleibín, 1966 [I.R. Uimh. 2 de 1966]. 4. Athlá. Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.15 p.m. |
||||||||||||