Committee Reports::Report No. 03 - Statutory Instruments [7]::09 November, 1966::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 9 Samhain, 1966.

Wednesday, 9th November, 1966.

1. Chruinnigh an Coiste at 7 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill agus Ó Cruadhlaoich.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhrán a chuir an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh isteach de réir Ordaithe an 22 Meitheamh, 1966, a bhreithniú:—


Ordaíodh: Go n-iarrfar ar an Roinn ionadaí a cheapadh chun teacht os comhair an choiste mar fhinné chun an ionstraim seo a leanas a mhíniú:—


An tOrdú um Péist Eascainne Gas agus Bleibín, 1966. [I.R. Uimh. 2 de 1966].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an daichead is cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú Síolta (Allmhairiú a Rialú), 1966 [I.R. Uimh. 144 de 1966].


An tOrdú um Bruthshicíní, Turcaithe agus Uibheacha (Allmhairiú a Rialú), 1966 [I.R. Uimh. 154 de 1966].


An tOrdú i dTaobh Feola (Iomportáil do Rialáil) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 146 de 1966].


An tOrdú um Chonablaigh agus Táirgí ó Ainmhithe a Allmhairiú (Toirmeasc) 1966 [I.R. Uimh. 201 de 1966].


An tOrdú Cruithneachta, 1966 [I.R. Uimh. 182 de 1966].


An tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 (alt 30) (Tosach Feidhme), 1966 [I.R. Uimh. 200 de 1966].


An tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 (alt 27) (Tosach Feidhme), 1966 [I.R. Uimh. 209 de 1966].


An tOrdú fán Acht um Ghalair Ainmhithe, 1966 (alt 56) (Tosach Feidhme), 1966 [I.R. Uimh.228 de 1966].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath) (Uimh.2), 1966 [I.R. Uimh. 170 de 1966].


Na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Tuarastail Oifigeach), 1966 [I.R. Uimh. 187 de 1966].


An tOrdú um Iasc (Allmhairiú a Rialú), 1966 [I.R. Uimh. 148 de 1966].


An tOrdú Caomhanta Éan Géim, 1966 [I.R. Uimh. 166 de 1966].


An tOrdú um an Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1966 (An Lá Ceaptha), 1966.


An tOrdú Saothair (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1966.


An tOrdú um Acht na bPaitinní 1964 (Tosach Feidhme), 1966 [I.R. Uimh. 91 de 1966].


An tOrdú fán Acht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1965 (Tosach feidhme ailt 6 agus 19), 1966 [I.R. Uimh. 94 de 1966].


An tOrdú um Údarú Aersheirbhísí, 1966 [I.R. Uimh. 95 de 1966].


Na Rialacháin um an Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1965 (alt 8), 1966 [I.R. Uimh. 96 de 1966].


An tOrdú Aerloingseoireachta (Ceadúnú Pearsanra), 1966 [I.R. Uimh. 165 de 1966].


An tOrdú Saothair (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú) (Uimh. 2), 1966 [I.R. Uimh. 214 de 1966].


An tOrdú um an Acht Printíseachta (Ceird Ainmnithe) (Ceird na Clódóireachta) 1966 [I.R. Uimh. 24 de 1966].


Na Rialacháin um Bunadh Earraí Monaraithe, 1966 [I.R. Uimh. 202 de 1966].


An tOrdú fán Acht um Eiseachadadh, 1965 (Cuid II) (Uimh.1), 1966.


Na Rialacháin um an Acht Árachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942, (Rátaí Sochair Fhorlíontaigh a Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 188 de 1966].


An tOrdú um an mBord Comhairleach Náisiúnta Druganna (Bunú), 1966 [I.R. Uimh. 163 de 1966].


An tOrdú um Pá an Gharda Síochána (Uimh. 3), 1966 [I.R. Uimh. 186 de 1966].


Na Rialacha um Chláir na nGníomhairí Paitinne agus na gCléireach Paitinne, 1966 [I.R. Uimh. 139 de 1966].


Rialacháin na Suimitheoirí (Ilbheart) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 151 de 1966].


An tOrdú um Praghsanna a Chobhsú (Feidhmchoimeád) (Uimh.2), 1966 [I.R. Uimh. 233 de 1966].


An tOrdú um an gComhlacht Comhairleach i dtaobh Praghsanna (Plúr agus Arán), 1966 [I.R. Uimh. 224 de 1966].


An tOrdú um an gComhlacht Comhairleach i dtaobh Praghsanna (Leictreachas), 1966 [I.R. Uimh. 232 de 1966].


An tOrdú um Praghsanna Uasta (Deochanna Meisciúla agus Deochanna Neamhalcólacha) (Uimh.3), 1966 [I.R. Uimh. 237 de 1966].


An tOrdú um Fhruilcheannach agus Díol Creidmheasa, 1966 [I.R. Uimh. 197 de 1966].


An tOrdú um Fhruiliú, 1966 [I.R. Uimh. 198 de 1966].


Na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Síneacha) (Leasú), 1966 [I.R. Uimh. 233 de 1966].


Ordú Gáis Bhaile Átha Cliath, 1966.


Rialacháin an Gharda Síochána (Ardú Céime) (Leasú) 1966 [I.R. Uimh. 222 de 1966].


An tOrdú um Pinsin an Gharda Síochána, 1966 [I.R. Uimh. 236 de 1966].


An tOrdú fán Ordú um an Acht Printíseachta (Ceird Ainmnithe) (Ceird na Clódóireachta), 1966 (Cúlghairm), 1966 [I.R. Uimh. 206 de 1966].


An tOrdú um an Acht Printíseachta (Ceird Ainmnithe) (Ceird na Clódóireachta) (Uimh.2), 1966 [I.R. Uimh. 207 de 1966].


Na Rialacháin um an Acht Aturnaethe, 1954 (Printíseacht agus Oideachas) (Leasú), 1966.


An tOrdú um Madraí, 1966 [I.R. Uimh. 229 de 1966].


An tOrdú um Péarslaí, 1966 [I.R. Uimh. 210 de 1966].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an údarás lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú um Bruisealóis i mBólacht (Vacsaínithe a Rialú), 1966 [I.R. Uimh. 199 de 1966].


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha (Leasú Uimh.2), 1966 [I.R. Uimh. 193 de 1966].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 8 p.m.