Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1964 - 1965::26 May, 1966::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin 26 Bealtaine, 1966

Thursday, 26th May, 1966

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Brioscú, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Ó hÉaluighthe, Ó Maolmhuaidh agus Ó Treasaigh.


3. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Flaithrí Ó Cruadhlaoich):


“That Deputy Healy be the Chairman of the Committee for this meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó hÉalauighthe i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1964-65.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1964-65. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, An Dánlann Náisiúnta (Vóta Barrachais), An Dánlann Náisiúnta, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais (Vóta Barrachais), Rátaí ar Mhaoin Rialtais, Oifig na nOibreacha Poiblí, Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí, agus Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Máirtín (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), S. de Faoite (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), S. Ó Maonaigh (Coimisinéir Luachála), A. Mundow (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), M. Ó hEachach (Scéimeanna Fostaíocha agus Éigeandála), Máire Bhreathnach agus S. Mac Artoil (An Roinn Aigeadais) agus An tArd-Reachtaire Cuntais agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.10 p.m. go dtí 11 a.m. Dé Céadaoin 8 Meitheamh, 1966.