Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1963 - 1964::28 October, 1965::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair, 1965.

Thursday, 28th October, 1965.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Brioscú, Pádraig de Búrea, Pádraig Ó Broin, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Ó h-Éaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), agus Ó Treasaigh.


3. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta P. Ó hÓgáin) (Tíobraid Árann Theas)):


“That Deputy Healy be the Chairman of the Committee until 11.30 a.m.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó hÉaluighthe i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1963-64.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1963-64. Críochnaíodh an Cuntas seo a leanas:—Tionscal agus Tráchtáil.


5. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Brioscú):


“That Deputy Hogan be the Chairman of the Committee for the remainder of the meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh An Teachta Ó hÓgáin i gCeannas dá réir sin.


6. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1963-64.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1963-64. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Talmhaíocht, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis agus Rátaí ar Mhaoin Ríaltais.


7. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh An Dr. S. Mac Cárthaigh (Rúnaí, An Roinn Tionscail agus Tráchtála), S. de Nógla (Rúnaí, An Roinn Talmhaíochta), S. Ó Maonaigh (Coimisinéir Luachála), L. Ó Néill agus S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


8. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.15 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.