Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1963 - 1964::04 November, 1965::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin, 4 Samhain, 1965.

Thursday, 4th November, 1965.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Brioscú, Pádraig de Búrca, Mac Cuinneagáin, Ó h-Éaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), Ó Cionaodha agus Ó Maolmhuaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1963-64.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1963-64. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig na nOibreacha Poiblí, Oibreacha agus Foirgnimh Poiblí agus Oifig an tSoláthair.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh H. Mundow (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), B. Ó Brolcháin (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair) Máire Bhreathnach (An Roinn Airgeadais), agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.30 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.