Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1963 - 1964::21 October, 1965::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 21 Deireadh Fómhair, 1965.

Thursday, 21st October, 1965.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leannas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Brioscú, Pádraig de Búrca, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Ó h-Éaluighthe, Ó Cionaodha agus Ó Treasaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1963-64.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1963-64. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Oifig an Aire Dlí agus Cirt, An Garda Síochána, Príosúin, na Cúirteanna Breithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas, Scéimeanna Fostaíochta agus Eigeandála, Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta agus An Dánlann Náisiúnta.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh P. Ó Béara (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), M. Ó hEachach (Scéimeanna Fostaíochta agus Éigeandála), A Mac Canna (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), S. de Faoite (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.35 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.