Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1963 - 1964::22 July, 1965::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 22 Iúil, 1965.

Thursday, 22nd July, 1965.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas a láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Brioscú, Pádraig de Búrca, Pádraig Ó Broin, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Ó h-Éaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árainn Theas) agus Ó Maolmhuaidh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1963-64.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1963-64. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Rialtas Áitiúil, Oifig an Aire Leasa Shóisialaigh, Arachas Sóisialach, Cúnámh Sóisialach, Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachas, Meánoideachas, Ceardoideachas, Scoileanna Ceartúcháin agus Saothair, Ollscoileanna agus Coláiscí agus Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Gairbhín (Rúnaí, An Roinn Rialtais Áiliúil), L. Ó hUanacháin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), An Dr. T. Ó Raifeartaigh (Rúnaí, An Roinn Oideachais), S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.50 p.m.