Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1963 - 1964::13 October, 1965::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Dé Céadaoin, 13 Deireadh Fómhair, 1965.

Wednesday, 13th October, 1965.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Pádraig Ó Broin, Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Mac Cuinneagáin, Ó h-Éaluighthe, Pádraig Ó hÓgáin (Tiobraid Árann Theas), Ó Cionaodha, Ó Maolmhuaidh agus Ó Treasaigh.


3. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Ó h-Éaluighthe):


“That Deputy Cunningham be the Chairman of the Committee until the arrival of the Chairman.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Mac Cuinneagáin i gCeannas dá réir sin.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1963-64.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1963-64. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Sláinte agus An Príomh-Oispidéal Meabhair-Ghalair.


Chuaigh an Teachta Mac Eoin i gCeannas.


Criochnaíodh Cuntas Iompair agus Cumhachta.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Máirtín (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), P. Ó Muircadhaigh (Rúnaí, An Roinn Sláinte), Thekla Beere (Rúnaí, An Roinn Iompair agus Cumhachta), Máire Bhreathnach (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.25 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.