Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1963 - 1964::15 July, 1965::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 15 Iúil, 1965.

Thursday, 15th July, 1965.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Mac Eoin (i gCeannas), na Teachtaí Flaithrí Ó Cruadhlaoich, Ó h-Éaluighthe, Ó Maolmhuaidh agus Ó Treasaigh.


3. Rinne an Coiste breithniú.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1963-64.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1963-64. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Teaghlachas an Uachtaráin, Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, Coimisiún na Státseirbhíse, An Chomhairle Ealaíon, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, An tSeirbhís Sicréideach, Costais faoin Acht Toghcháin agus faoi Acht na nGiúiréithe, Deontais Talmhaíochta, Dlí-Mhuirir, Costais Ilghnéitheacha, Méadú ar Phinsin, Aisíocaí leis an gCiste Teagmhais, Luach Saothair, Cosaint agus Arm-Phinsin.


5. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. K. Whitaker (Rúnaí, An Roinn Airgeadais), S. Ó Cearnaigh (Rúnaí, An Roinn Cosanta), Máire Breathnach, S. de Faoite (An Roinn Airgeadais) agus an tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.55 p.m. go dtí 11 a.m. Deárdaoin seo chugainn.