Committee Reports::Report No. 02 - Statutory Instruments::15 December, 1965::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 15 Nollaig, 1965.

Wednesday, 15th December, 1965.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Mac Domhnaill, Ó Maoil Eoin, Ó Cinnéide agus Eoin Ó Riain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a cuireadh isteach de réir Orduithe an 28 Iúil, 1965 agus 13 Deireadh Fómhair, 1965, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú Cruithneachta, 1964 [I.R. Uimh. 194 de 1964].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhorais (iii) agus (vi) den Rún Tagartha:—


An tOrdú um Fhruilcheannach agus Díol Creidmheasa, 1965 [I.R. Uimh. 155 de 1965].


An tOrdú um Fhruiliú, 1965 [I.R. Uimh. 156 de 1965].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an daichead is cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


An tOrdú um Praghsanna a Chobhsú, 1965 [I.R. Uimh. 208 de 1965].


Na Rialacháin Ghairmoideachais (Iasachtaí a Fháil) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 209 de 1965].


An tOrdú um Liúntais an Gharda Síochána (Comhdhlúthú), 1965 [I.R. Uimh. 218 de 1965].


An tOrdú um Fhaoiseamh ó Dhleachtanna Custam (Pacálacha), 1965 [I.R. Uimh. 223 de 1965].


An tOrdú um Cheantar Uirbeach Bhaile Átha Troim (Teorainn a Athrú), 1965 [I.R. Uimh. 168 de 1965].


An tOrdú um Cheantair Uirbeach Cheanannus Mór (Teorainn a Athrú), 1965 [I.R. Uimh. 169 de 1965].


Na Rialacháin um Thoghcháin Aitiúla, 1965 (Dréacht).


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal um Chomhpháirteanna Leictreonacha in Eastát Tionscail na Sionainne) (Eisiamh), 1965 [I.R. Uimh. 204 de 1965].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Abhair Chuirtíní agus Scaraoidí Leapa) (Eisiamh), 1965 [I.R. Uimh. 215 de 1965].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (An Tionscal Clódóireachta agus Boscadóireachta) (Eisiamh), 1965 [I.R. Uimh. 222 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Cill Chainnigh), 1965 [I.R. Uimh. 93 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Liatroim), 1965 [I.R. Uimh. 94 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Luimneach). 1965 [I.R. Uimh. 95 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Longfort), 1965 [I.R. Uimh. 96 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Muineachán), 1965 [I.R. Uimh. 97 de 1965].


Na Rialacháin um Dhaoine Míchumasaithe (Liúntais Chothabhála) (Leasú), 1964 [I.R. Uimh. 192 de 1964].


Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Cothabháil), 1964 [I.R. Uimh. 193 de 1964].


Na Rialacháin um Ghalair Aicídeacha (Cothabháil), 1965 [I.R. Uimh. 175 de 1965].


Na Rialacháin um Dhaoine Míchumasaithe (Liúntais Chothabhála) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 176 de 1965].


An tOrdú um an mBord Taighde Pobal-Liachta (Bunú), 1965 [I.R. Uimh. 80 de 1965].


Na Rialacháin um Chlárú Breitheanna, Bása agus Póstaí (Táillí agus Liúntais a Athrú), 1965 [I.R. Uimh. 24 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Ros Comáin), 1965 [I.R. Uimh. 98 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Tiobraid Árann, An Trian Thuaidh), 1965 [I.R. Uimh. 99 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Port Láirge), 1965 [I.R. Uimh. 100 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Loch Garman), 1965 [I.R. Uimh. 101 de 1965].


Fodhlíthe Píolótaíochta Bhord Poirt agus Duganna Bhaile Átha Cliath, Meán Fómhair, 1964.


Rialacháin Óglaigh na hÉireann:—


Araíonacht. R.Ó.É. A.7—Leasuithe. Leasú Uimh. 33.


An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1965 [I.R. Uimh. 107 de 1965].


Na Rialacháin Aoisliúntais (Poist Ghairmiúla a Shonrú), 1965.


Na Rialacháin Aoisliúntais (Post Gairmiúil a Shonrú) (Uimh. 2). 1965.


An Bord Altranais. Scéim Pinsean, 1965.


Scéim Aoisliúntas Raidió Éireann Uimh. 2, 1964.


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Cill Mantáin) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 102 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Corcaigh), 1965 [I.R. Uimh. 130 de 1965].


An tOrdú um an gComhlacht Comhairlitheach i dTaobh Praghsanna (Leasacháin), 1965 [I.R. Uimh. 226 de 1965].


An tOrdú um Praghsanna Uasta (Deochanna Meisciúla agus Deochanna Neamhalcólacha), 1965 [I.R. Uimh. 233 de 1965].


Na Rialacháin um Oifig an ArdChláraitheora (Uaire Gnó), 1965 [I.R. Uimh. 227 de 1965].


Na Rialacháin um Rialú Iomlaoide (Uimh. 3), 1965 [I.R. Uimh. 230 de 1965].


An tOrdú um Líonta Iascaigh (Mogall a Rialáil) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 231 de 1965].


An tOrdú fán Acht um Eiseachadadh, 1965 (Tosach Feidhme), 1965 [I.R. Uimh. 161 de 1965].


An tOrdú um an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 (Leasú ar an Sceideal), 1965. (Dréacht).


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád), Uimh. 2 de 1965.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


Na Rialacháin um Chúnamh Forais, 1965 [I.R. Uimh. 177 de 1965].


Na Rialacháin um Fhearais Déadliachta agus Chluasliachta, 1965 [I.R. Uimh. 190 de 1965].


Na Rialacháin um Údaráis Tithe (Iasachtaí chun Tithe a Fháil nó a Fhoirgniú) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 137 de 1965].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.45 p.m.