Committee Reports::Report No. 02 - Statutory Instruments::30 March, 1966::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 30 Márta, 1966.

Wednesday, 30th March, 1966.

1. Chruinnigh na Coiste ar 7.45 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Ó Cinnéide agus Eoin Ó Riain.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna, isteach de réir Orduithe an 3 Samhain, 1965, agus 15 Nollaig, 1965, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar na hionstraimí seo a leanas ar fhoras (vi) den Rún Tagartha:—


An tOrdú um Fhaoiseamh ó Dhleachtanna Custam (Aontaí Taispeántais agus Imeachtaí dá Samhail), 1965 [I.R. Uimh. 143 de 1965].


An tOrdú um Fhaoiseamh ó Dhleachtanna Custam (Trealamh Gairmiúil), 1965 [I.R. Uimh. 144 de 1965].


(ii) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Chúnamh Forais, 1965 [I.R. Uimh. 177 de 1965].


Na Rialacháin um Fhearais Déadliachta agus Chluasliachta, 1965 [I.R. Uimh. 190 de 1965].


Na Rialacháin um Údaráis Tithe (Iasachtaí chun Tithe a Fháil nó a Fhoirgniú) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 137 de 1965].


4. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 8.15 p.m.