Committee Reports::Report No. 02 - Statutory Instruments::03 November, 1965::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 3 Samhain, 1965.

Wednesday, 3rd November, 1965.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4.15 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Ó Cruadhlaoich, Mac Domhnaill, Ó Maoil Eoin, Eoin Ó Riain agus Mac Síthigh-Sceimhealtún.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a cuireadh isteach de réir Orduithe an 8 Meán Fómhair,


1965, agus 13 Deireadh Fómhair, 1965, a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:—


Na Rialacháin fá na Rialacháin um an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi alt 109), 1939 (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 39 de 1965].


(ii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (vi) den Rún Tagartha:—


Na Fodhlíthe Ginearálta um Thrácht ar Bhóithre, 1964 [I.R. Uimh. 294 de 1964].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an daichead is ceithre ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na h-ionstraimí seo a leanas:—


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Tionscal Sníofa Lín) (Eisiamh), 1965 [I.R. Uimh. 151 de 1965].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Málaí de Scannán Poilaitéine) (Eisiamh), 1965 [I.R. Uimh 152 de 1965].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Cóin agus Abhlanna Oighir) (Eisiamh), 1965 [I.R. Uimh. 160 de 1965].


Na Rialacháin um Choinníollacha Fostaíochta (Mótair Leictreacha) (Eisiamh), 1965 [I.R. Uimh. 181 de 1965].


An tOrdú um Shiopaí Gruagaireachta (Uaire Trádála ar Laethanta Seachtaine) (Corcaigh), 1965


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Ceatharlach), 1965 [I.R. Uimh. 88 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (An Cabhán), 1965 [I.R. Uimh. 89 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (An Clár), 1965 [I.R. Uimh. 90 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Gaillimh), 1965 [I.R. Uimh. 91 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Ciarraí), 1965 [I.R. Uimh. 92 de 1965].


An tOrdú Dlí agus Cirt (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1964 [I.R. Uimh. 248 de 1964].


An tOrdú Iascaigh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1964 [I.R. Uimh. 256 de 1964].


Ordú na Gaeltachta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1965 [I.R. Uimh. 108 de 1965].


An tOrdú um Iompar, Breosla agus Cumhacht (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1965 [I.R. Uimh. 125 de 1965].


An tOrdú Talmhaíochta (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 1965 [I.R. Uimh. 146 de 1965].


Rialacháin na nDugaí (Sábháilteacht, Sláinte agus Leas) (Foirmeacha), 1965 [I.R. Uimh. 63 de 1965].


An tOrdú um Ola-Thruailliú na Farraige (Tíortha an Choinbhinsiúin) (An Iodáil agus Poblacht na Malaigéise), 1965 [I.R. Uimh. 126 de 1965].


An tOrdú um Prótocal an Hág le Coinbhinsiún Warsaw (Ard-Pháirtithe Conarthacha), 1965 [I.R. Uimh, 184 de 1965].


An tOrdú um Rialacháin Iombuailte (Longa agus Muirphlánaí ar an Uisce), 1965 [I.R. Uimh. 185 de 1965].


Na Rialacha Guais-Chomharthaí (Longa agus Muirphlánaí ar an Uisce), 1965 [I.R. Uimh. 186 de 1965].


An tOrdú fán Acht um Dhlínse Mhuirí (Leasú), 1964 (Tosach Feidhme), 1965.


An tOrdú fán Acht um Dhlínse Mhuirí (Leasú), 1964 (Stáit Shonraithe), 1965.


Na Rialacháin um Leigheasanna Ainmhithe (Vacsaíní Áirithe in Aghaidh Anabaíochta a Rialú), 1965 [I.R. Uimh. 112 de 1965].


An tOrdú um Acht na bhFrancach, Muisc, 1933 (Feidhmiú maidir le Minc) 1965 [I.R. Uimh. 199 de 1965].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Dearbhú i leith an Stáit), 1965 [I.R. Uimh. 211 de 1965].


Na Rialacháin um Chruithneacht Inmheilte, 1965 [I.R. Uimh. 213 de 1965].


Na Rialacháin um Aistriú Stoic (Aitheantas do Stocmhargaí), 1965 [I.R. Uimh. 191 de 1965].


Na Rialacháin Mhonarchan, (Táillí Dochtúirí Deimhníochta), 1965 [I.R. Uimh. 205 de 1965].


Rialacháin Acht na Leanaí, 1941 (alt 21), 1965 [I.R. Uimh. 58 de 1965].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú), 1965 [I.R. Uimh. 36 de 1965].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú) (Uimh. 2), 1965 [I.R. Uimh. 122 de 1965].


Na Rialacháin Aerfoirt Neamhchustam (Réim Dlíthe a Leathnú) (Uimh. 3), 1965 [I.R. Uimh. 196 de 1965].


Ordú d’Fhorchur Dleachtanna (Tairgí Iarainn agus Cruach), 1965 [I.R. Uimh. 140 de 1965].


Ordú d’Fhorchur Dleachtanna (Foirm an Cháinliosta Custam) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 216 de 1965].


An tOrdú um an Acht Printíseachta (Ceird Ainmnithe) (Ceird na Tógála agus na Foirgníochta), 1965 [I.R. Uimh. 117 de 1965].


An tOrdú um an Acht Printíseachta (Ceird Ainmnithe) (Déadcheardaí), 1965 [I.R. Uimh. 194 de 1965].


Na Rialacháin um an Acht Aturnaethe, 1954 (Printíseacht agus Oideachas) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 201 de 1965].


Na Rialacháin um Chuntais Aturnaetha (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 136 de 1965].


An tOrdú um Tháillí Ceann Comhairimh (Dáilcheantair Bhuirge agus Dáilcheantair Chontae), 1965 [I.R. Uimh. 60 de 1965].


Na Rialacháin um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 180 de 1965].


Rialacháin na dTithe (Gaeltacht) (Ginearálta), 1965 [I.R. Uimh. 41 de 1965].


An tOrdú um Shéadchomharthaí Náisiúnta (Buanchoimeád) (Uimh. 1), 1965.


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim acu seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú um Fhaoiseamh ó Dhleachtanna Custam (Aontaí Taispeántais agus Imeachtaí dá Samhail), 1965 [I.R. Uimh. 143 de 1965].


An tOrdú um Fhaoiseamh ó Dhleachtanna Custam (Trealamh Gairmiúil), 1965 [I.R. Uimh. 144 de 1965].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5.20 p.m.