Committee Reports::Report No. 02 - Statutory Instruments::13 October, 1965::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 13 Deireadh Fómhair, 1965.

Wednesday, 13th October, 1965.

1. Chruinnigh an Coiste ar 3.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Seanadóir Sheldon (i gCeannas), na Seanadóirí Mac Giolla Chomhghaill, Mac Domhnaill agus Mac Sítigh-Sceimhealtún.


3. Breithniú ar Mheabhráin.


Tar éis meabhráin a chuir Ranna isteach de réir Orduithe an 28 Iúil, 1965, agus 8 Meán Fómhair, 1965, a bhreithniú:—


(i) Aontaíodh: Nár bhain Rún Tagartha an Choiste leis an ionstraim seo a leanas:—


An tOrdú Leasa Shóisialaigh (Comharshocraíochtaí le Tuaisceart Éireann), 1964 [I.R. Uimh. 213 de 1964].


(ii) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar an ionstraim seo a leanas:—


Na Rialacháin um an Acht Cróinéirí, 1962 (Táillí agus Costais), 1965 [I.R. Uimh. 32 de 1965].


(iii) Beartaíodh: Go ndíreofar aird speisialta Sheanad Éireann ar an ionstraim seo a leanas ar fhoras (vi) den Rún Tagartha:—


Na Rialacháin um Cheartas Coiriúil (Cúnamh Dlíthiúil), 1965 [I.R. Uimh. 12 de 1965].


4. Breithniú ar Ionstraimí Reachtúla.


Tar éis an daichead is cúig ionstraim reachtúil a luaitear thíos a bhreithniú:—


(i) Beartaíodh: Nach gá aird speisialta Sheanad Éireann a dhíriú ar na hionstraimí seo a leanas:—


Rialacháin faoin Acht Muc agus Bagúin, 1935 (Cuid II), 1965 [I.R. Uimh. 113 de 1965].


Na Rialacháin faoi na hAchtanna Muc agus Bágúin, 1935 go 1961 (An Coimisiún Muc agus Bagúin) (Uimh. 1), 1965 [I.R. Uimh. 123 de 1965].


An tOrdú Caomhanta Éanacha Géim, 1965 [I.R. Uimh. 153 de 1965].


Na Rialacháin fán Acht um Margú Táirgí Déiríochta, 1961 (An Lá Ainmniúcháin), 1965 [I.R. Uimh. 129 de 1965].


Ordú Bhord Bainne Cheantar Chorcaí (Lá Toghcháin, 1965), 1965 [I.R. Uimh. 104 de 1965].


An tOrdú Bainne (Praghas Mionreaca) (Ceantar Díola Bhaile Átha Cliath), 1965 [I.R. Uimh. 82 de 1965].


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Chorcaí (Praghsanna Iosta ar Bhainne), 1965 [I. R. Uimh. 139 de 1965].


An tOrdú um Bord Bainne Cheantar Bhaile Átha Cliath (Praghsanna Iosta ar Bhainne), 1965 [I.R. Uimh. 138 de 1965].


Na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Costais Taistil agus Liúntais agus Costais Chothabhála d’Oifigigh) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 183 de 1965].


Na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Tuarastail Oifigeach), 1965 [I.R. Uimh. 67 de 1965].


Na Rialacháin um Choistí Talmhaíochta (Costais Taistil agus Liúntais agus Costais Chothabhála d’Oifigigh), 1965 [I.R. Uimh. 22 de 1965].


Na Rialacháin um Rás-Rianta Con (Rásaíocht) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 133 de 1965].


An tOrdú um Pinsin an Gharda Síochána, 1965 [I.R. Uimh. 149 de 1965].


Na Rialacháin um Rialacháin an Gharda Síochána (Comhlachtaí Ionadaitheacha), 1962 (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 42 de 1965].


Rialacháin an Gharda Síochána (Scor), 1965 [I.R. Uimh. 34 de 1965].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Míchumais, Dífhostaíochta agus Pósta) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 18 de 1965].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochar Míchumais, Dífhostaíochta agus Pósta) (Leasú) (Uimh. 2), 1965 [I.R. Uimh. 52 de 1965].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Asláithreacht ón Stát) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 64 de 1965].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (Tréimhse Fostaíochta), 1965 [I.R. Uimh. 43 de 1965].


An tOrdú um Chúnamh Dífhostaíochta (An Dara Tréimhse Fostaíochta), 1965 [I.R. Uimh. 114 de 1965].


An tOrdú um an Acht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1965 (An Lá Ceaptha), 1965 [I.R. Uimh. 172 de 1965].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Pinsean (Ranníocach) Seanaoise) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 173 de 1965].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 61 de 1965].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Sochair Fhorluiteacha) (Leasú) (Uimh. 2), 1965 [I.R. Uimh. 178 de 1965].


Na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Ranníocaí a Chreidiúnú), 1965 [I.R. 193 de 1965].


An tOrdú fán Ordú um an mBord Córacha Aimride d’Ospidéil (Bunú), 1965 (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 157 de 1965].


An tOrdú um an mBord Fuilaistriúcháin (Bunú), 1965 [I.R. Uimh. 78 de 1965].


Na Rialacháin Teileafóin (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 33 de 1965].


An tOrdú um Fhiailí Díobhálacha (Leannlus Fiáin Fireann), 1965 [I.R. Uimh. 189 de 1965].


An tOrdú um Ghalair Leannlusa, 1965 [I.R. Uimh. 188 de 1965.]


An tOrdú Cruithneachta, 1965 [I.R. Uimh. 159 de 1965].


An tOrdú um na hOrduithe Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta) (Cúlghairm), 1965 [I.R. Uimh. 74 de 1965].


An tOrdú Pá Talmhaíochta (Rátaí Íosta), 1965 [I.R. Uimh. 75 de 1965].


An tOrdú um An Bord Gráin (Feidhm Bhreise a Shannadh), 1965 [I.R. Uimh. 65 de 1965].


An tOrdú um an Acht Tora Déiríochta (Praghas do Dhéanamh Seasmhach), 1935 (alt 41) (Fionraí), 1965 [I.R. Uimh. 47 de 1965].


An tOrdú Iascaigh (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1965 [I.R. Uimh. 83 de 1965].


An tOrdú um Eitinn Bhólachta (Limistéar atá le Glanadh) (Srianta Speisialta), 1965 [I.R. Uimh. 26 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Dún na nGall), 1965 [I.R. Uimh. 69 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Maigh Eo), 1965 [I.R. Uimh. 70 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (An Mhí), 1965 [I.R. Uimh. 71 de 1965].


Na Rialacháin um Sholáthairtí Uisce a Fhluairídiú (Sligeach), 1965 [I.R. Uimh. 72 de 1965].


An tOrdú chun Onnmhairí a Rialú, 1965 [I.R. Uimh. 35 de 1965].


(ii) Ordaíodh: Go n-iarrfar, maidir le gach ionstraim aca seo a leanas, ar an Roinn lena mbaineann meabhrán a chur isteach do mhíniú na hionstraime:—


An tOrdú um Fhruilcheannach agus Díol Creidmheasa, 1965 [I.R. Uimh. 155 de 1965].


An tOrdú um Fhruiliú, 1965 [I.R. Uimh. 156 de 1965].


Na Rialacháin fá na Rialacháin um an Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Deontais faoi alt 109), 1939 (Leasú), 1965 [I.R. Uimh. 39 de 1965].


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 5 p.m.